YouVersion Logo
Search Icon

Filipéigh 2

2
1Má fhaigheann sibh mar sin aon ábhar misnigh i gCríost, nó má bhíonn an grá do bhur ngríosú, nó an Spiorad á roinnt libh, nó má tá cion agaibh orm, nó bá agaibh liom, 2cuirfidh sibh lánlúcháir orm, ach sibh a bheith ar aon intinn, aon ghrá agus aon anam amháin, agus aon bharúil amháin a bheith agaibh, 3gan bheith leithleasach ná leitheadach, ag géilleadh go huiríseal do dhaoine eile, 4gan aon duine agaibh a leas féin amháin a iarraidh, ach leas a chomharsan freisin. 5Bíodh an intinn sin agaibh lena chéile a bhí ag Íosa Críost, 6a bhí riamh i gcló Dé, ach nárbh éadáil leis bheith ar aon chéim le Dia, 7ach gur fholmhaigh sé é féin, le dul i gcló seirbísigh, agus teacht ar an saol i gcosúlacht duine. 8Bhí sé le fáil mar sin i gcló daonna agus dʼuirísligh sé é féin agus bhí sé umhal go bás, go fiú bás ar chrois. 9Dʼardaigh Dia go mór é dá bharr sin, gur bhronn air an t-ainm is airde dʼainmneacha, 10ionas gur le hainm Íosa a dʼfheacfadh gach glúin, ar neamh agus ar talamh agus faoi thalamh, 11agus go n-admhódh gach teanga gurb é Íosa Críost is Tiarna ann, le glóir Dé an tAthair a mhéadú.
12Mar sin, a dhaoine a bhfuil mo ghrá ionaibh, déanaigí rud orm anois mar a rinne sibh riamh é, agus dá fheabhas dá ndearna sibh é agus mé i láthair is amhlaidh is fearr anois a dhéanfaidh sibh é agus mé as láthair, ag saothrú amach bhur slánaithe féin go cúthail critheaglach; 13ós é Dia é féin a bhíos á oibriú ionaibh toiliú agus gníomhú mar is fearr a thaitníos leis féin.
14Déanaigí gach ní gan bheith ag casaoid ná ag ceistiú, 15ionas go mbeidh sibh soineanta gan smál, in bhur gclann Dé gan teimheal i mease na glúine caime claoine seo, a mbíonn sibh ina mease mar réaltaí geala eolais don saol, 16agus greim daingean docht á choinneáil agaibh ar bhriathra na beatha, ar nós go mbeidh bród orm i lá Chríost nach ndeachaigh mo shaol ná mo shaothar in aisce orm. 17Má tá sé i ndán dom féin bheith do mo dhoirteadh amach mar dheoch ofrála i mullach íobartha agus adhartha bhur gcreidimh, beidh áthas agus lúcháir orm libh uile. 18Mar chomaoin air, ba é bhur gceart áthas agus lúcháir bheith oraibh liom.
19Tá an dóchas seo as an Tiarna Íosa agam Timótéus a chur chugaibh roimh i bhfad, ionas go mbeidh áthas orm le tuairisc a fháil oraibh uaidhsean. 20Níl agam ach é, a bhfuil an dúthracht chéanna ann is atá ionamsa le bhur leas a dhéanamh. 21Tá siad uile mar mhaithe leo féin, ní mar mhaithe le hÍosa Críost. 22Ach tá a fhios agaibh an fiúntas atá ann, i dTimótéus, ag comhoibriú liom sa soiscéal mar mhac lena athair. 23Tá fúm é a chur uaim chomh luath agus a fheiefeas mé cad é mar a rachas le mo chúis-se; 24agus dúil as an Tiarna agam nach fada go dtiocfaidh mé féin freisin.
25Chonacthas dom é bheith riachtanach Epafrodítus a chur chugaibh atá ina bhráthair agus ina chomhoibrí agus ina chomhshaighdiúir agamsa, agus a bheas mar theach-taire agus mar thimire uaibh i mo riachtanais agam, 26ó bhí cumha air in bhur ndiaidh, agus ó bhí aiféala air faoi sibh scéal a fháil faoina bhreoiteacht. 27Féadann sibh breoiteacht a thabhairt uirthi—ba é a bhí i mbéalabáis. Ach bhí trócaire ag Dia ní hamháin air, ach ormsa, ar eagla brón ar mhuin bróin a bheith orm. 28Is móide tá fonn orm a chur uaim mar sin, ionas go mbeidh áthas oraibh lena fheiceáil arís, agus go mba lúide mʼimní. 29Cuirigí fáilte mhóráthasach roimhe mar sin in ainm an Tiarna; agus tugaigí onóir dʼfhir mar é, 30mar dóbair dó bás a fháil de gheall ar obair Chríost, agus chuir sé a bheo féin i mbaol le freastal críochnaithe a dhéanamh orm in bhur n-ionad.

Currently Selected:

Filipéigh 2: OC1970

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in