Filipéigh 1
1
1Pól agus Timótéus agus Silbhánus, a bhíos ina seirbhísigh ag Íosa Críost,
Ag beannú do na daoine i bhFilipí atá ina naoimh in Íosa Críost, agus do na heaspaig agus do na déagánaigh:
2Go raibh an grásta agus an tsíocháin oraibh ó Dhia ár nAthair agus ón Tiama Íosa Críost.
3Níl aon am dá gcuimhním oraibh nach dtugaim altú do mo Dhia, 4agus bíonn áthas orm i gcónaí ag rá paidre ar son gach duine agaibh, 5agus mé go buíoch beannachtach go bhfuil sibh i gcomhar liom sa soiscéal anuas ón gcéad lá go dtí an uair atá anois ann. 6Agus táim cinnte den té sin a chuir tús ar a dhea-shaothar ionaibh, go gcuirfidh sé dea-chríoch air i lá mór Íosa Críost. 7Is é mo cheart é dáimh a bheith agam libh, mar tá sibh ar mo chroí, as bheith rannpháirteach liom sa ghrásta, i mo phríosúnacht, agus i gcosaint agus i gcothú an tsoiscéil freisin. 8Mar fágaim é dʼfhianaise ar Dhia, an chumha a bhíos orm in bhur ndiaidh i snaidhm shearc Íosa. 9Agus bím ag guí Dé go dtaga fás agus faibhriú ar bhur ngrá, agus eolas agus gach uile short tuisceana a bheith agaibh, 10ionas go mbeidh meas agaibh ar gach ní dá fheabhas, agus go mbeidh sibh féin gealghlan gan locht i gcoinne lá Íosa Críost, 11líonta de na torthaí sin na fíréantachta a fhaightear trí Íosa Críost, a thabhaíos glóir agus moladh do Dhia.
12Ba mhaith liom a fhios a bheith agaibh, a bhráithre, nár tharla ar tharla dom ach leis an soiscéal a chur chun cinn, 13ós dá bharr atá sé tuigthe ag slua uile an gharda phraetóirigh agus ag an gcuid eile gurb é Críost is cúis le mo phríosúnacht; 14agus dʼéirigh an chuid is mó de na bráithre dána, ó chuir mo phríosúnacht orthu muinín a bheith acu as an Tiarna, agus bíonn tuilleadh misnigh acu le briathar Dé a labhairt gan scáth gan eagla.
15Tá siad ann ar ndóigh a bhíos ag seanmóireacht Chríost, mar dhóigh de, agus éad orthu faoin mbáire a bheith leo, ach go mbíonn tuilleadh á dhéanamh faoi chroí maith mór. 16Bíonn siad seo á dhéanamh le grá dom, agus a fhios acu go bhfuil mé anseo le cath an tsoiscéil a chosaint; 17bíonn an dream úd eile agus Críost á fhógairt os ard acu agus iad ag tarraingt uisce ar a muileann féin, ó nach ndéanann siad go hionraic é, ach le leithscéal a fháil le mé a chiapadh i mo phríosúnacht. 18Ach nár chuma, chomh fada agus go mbítear ag fógairt Chríost le fírinne nó le bréag; is amhlaidh a chuireann sin lúcháir orm.
19Tá agus beidh lúcháir orm. Mar aithním an deireadh a thiocfas air, go dtiocfaidh mé slán as, agus a bhuíochas sin ar bhur n-urnaithe agus ar an gcabhair a fuair mé ó Spiorad Íosa Chríost, 20is é dúil agus dóchas mʼanama nach gcuirfear aon náire orm, ach go nglacfaidh mé ina mhórmhisneach é anois mar a ghlac riamh, agus go mbeidh Críost á mhóradh sa chorp seo agam, i mbeatha nó i mbás. 21Mar níl beo orm ach Críost, agus beidh brabach orm sa bhás. 22Más í an bheatha atá i ndán don chorp, beidh toradh ar mo shaothar. Ach is é rogha an dá fheabhas agam iad. 23Ach bím ag déanamh dhá leath díom féin idir an dá ní seo. Is é mian mo thola imeacht ar shlí na fírinne le cuideachta a choinneáil le Críost, ó nach bhfuil ní is fearr ná sin le fáil. 24Ach tá sé níos riachtanaí agaibhse go bhfanfadh mo chorp beo ar an saol seo. 25Ó táim cinnte de go mbeidh sin amhlaidh, aithním go mairfidh mé liom agus go bhfan-faidh mé beo agaibh, ionas go dtiocfaidh sibh ar aghaidh ag baint áthais as an gcreideamh, 26ar chaoi go mbeidh an t-ábhar agaibh a bheith ag maíomh as Íosa an Críost as mé a theacht chugaibh athuair.
27Bíodh libh, ar choinníoll go mbeidh bhur mbéasa ag cur go fiúntach le soiscéal Chríost, agus cibé acu go dtagaim ar cuairt chugaibh nó go bhfanaim uaibh, go mbíonn tuar-ascáil le cluinstin agam oraibh go mbíonn sibh ag seasamh fhód an lae agus aon sprid amháin ionaibh, agus aon intinn amháin agaibh, ag cur le chéile taobh le taobh ar son chreideamh an tsoiscéil, 28gan ligean don taobh eile aon chliseadh a bhaint asaibh. Is tuar soiléir a scriosta dóibh é sin, ach tuar bhur slánaithe, agus é sin ó Dhia. 29Mar deonaíodh daoibhse as ucht Chríost, ní hamháin creideamh a bheith agaibh ann, ach cruatan a fhulaingt ar a shon, 30agus sibh páirteach sa choimhlint chatha sin a bhfuil mé inti, mar atá feicthe agaibh, agus mar atá anois agaibh lena chluinstin uaim.
Currently Selected:
Filipéigh 1: OC1970
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland