Filipéigh 3
3
1Mar íhocal scoir, a bhráithre, go mba é an Tiarna ábhar bhur lúcháire. Ní bhíonn aon tuirse orm ag scríobh na nithe céanna atá le bhur leas.
2Bígí ar bhur bhfaichill ar chúnna nimhe, aire daoibh ar lucht déanta an oilc, aire daoibh ar lucht coillte na colainne. 3Mar is sinne lucht an timpeallghearrtha fhír, a bhíos ag adhradh Dé ó sprid, agus a bhíos ag déanamh mórtais as Íosa Críost, agus nach mbíonn muiníneach as an gcolainn. 4Siúd is go bhfuil an chúis is fearr agam le bheith muiníneach as an gcolainn thar dhuine ar bith eile. 5Mise a ghlac timpeallghearradh an t-ochtú lá, duine de chine Iosrael, de threibh Bheniamín, a tháinig dʼEabhrach agus dʼEabhraigh; a bhí i mʼFhairiséach i dtaobh le dlí, 6a raibh de dhúthracht ionam géarleanúint a chur ar an eaglais, a bhí saor ó locht chomh fada is a bhaineas le fíréantacht faoin dlí. 7Ach cibé a bhuaigh mé leis sin, mheas mé gur chaillteanas é ar son Chríost. 8Ar ndóigh níl ní nach beag orm é i gcomórtas leis an ardmheas atá agam ar an aithne atá agam ar Íosa Críost ina Thiarna. Is mar mhaithe leis-sean a chaill mé mo chuid den saol, agus ar lú liom ná tráithnín é, ach mé Críost a cheannach, 9agus bheith i mo bhall de gan fhíréantacht de mo chuid féin agam a bhunaítear ar dhlí, ach an fhíréantacht a thagas trí chreideamh i gCríost, an fhíréantacht ó Dhia atá ag brath ar an gcreideamh; 10ionas go mbeidh aithne agam air féin agus ar chumhacht a aiséirí, agus go mbeidh mé rannpháirteach ina dhóláis, ag dul i gcosúlacht a bháis, 11mar dhúil is go sroichfidh mé an t-aiséirí ó mhairbh.
12Ní ionann sin is a rá go bhfuil sin agam ná go bhfuil mé críochnaithe; ach ag dul ar aghaidh le mo chuid féin a dhéanamh de go díreach mar a rinne Íosa Críost a chuid féin díom. 13A bhráithre, níl mé ag maíomh go fóill gur de mo chuid féin é; níl le déanamh agam ach seo, dearmad a dhéanamh dá bhfuil curtha tharam agam agus mé ag teannadh aniar chuig a bhfuil romham, 14agus mé ag treabhadh ar aghaidh chuig ceann mo chúrsa agus Dia ag tairiscint duaise dom as teacht aníos chuige in Íosa Críost. 15An méid againn atá críochnaithe, bíodh an intinn sin againn; agus má bhíonn intinn eile agaibh i bpointe ar bith, déanfaidh Dia é féin sin a nochtadh daoibh. 16Ach ní fhágann sin nach gcaithfimid greim a choinneáil ar a bhfuil againn.
17A bhráithre, déanaigí aithris orm le chéile, agus bíodh aird agaibh ar dhaoine a eagraíos a mbeatha de réir an tsampla a fhaigheas sibh ionainn. 18Is iomaí sin duine, ar inis mé daoibh fúthu roimhe, agus a bhfuil mé ag insint daoibh anois agus deora liom, nach bhfuil ina slí mhaireach-tála ach mar namhaid do chrois Chríost. 19A scrios an deireadh a bheas orthu, gan de Dhia acu ach a maróg féin, ná glóir acu ach ina náire féin, na daoine seo a bhfuil a n-intinn ar an saol seo. 20Ach is ar neamh atá sí le fáil, an chathair chinn ar di sinn, agus is as neamh a bhíos súil againn le Slánaitheoir, leis an Tiarna Íosa Críost, 21a athrós an corp seo ár n-uirísleachta i gcomchosúlacht lena chorpsan, corp a ghlóire, leis an gcumhacht sin a bhíonn aige le gach uile ní a chur faoina smacht.
Currently Selected:
Filipéigh 3: OC1970
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland