YouVersion Logo
Search Icon

Eiféisigh 6

6
1A pháistí, déanaigí rud ar bhur dtuismitheoirí ar thoil an Tiarna, mar atá de dhualgas oraibh. 2“Tabhair onóir do dʼathair agus do do mháthair” (Is í sin an chéad aithne a bhfuil gealltanas léi), 3“ionas go mbeidh rath ort agus fad saoil agat ar an talamh.” 4A aithreacha, ná fadaígí fearg in bhur gclann, ach oiligí iad le bheith faoi smacht agus faoi threoir an Tiarna.
5A dhaora, umhlaígí do bhur máistrí saolta, le critheagla agus le hionracas croí, mar a dhéanfadh sibh do Chríost; 6gan iarraidh súile agus gnaoi daoine a tharraingt oraibh féin, ach mar dhaoir Chríost ag cur bhur dtoil le toil Dé, 7ag saothrú go fonnmhar don Tiarna agus ní do dhaoine, 8agus a dhea-íhios agaibh go gcúiteoidh an Tiarna le duine i maith ar bith a dhéanfas sé, is cuma cé acu saor nó daor é. 9A mháistri, déanaigí mar an gcéanna leo, gan bheith ag bagairt orthu, ó tá a fhios agaibh go bhfuil máistir agaibhse agus acusan araon ar neamh, a thugas breith gan bheann gan bhá.
10Faoi chríoch, neartaígí sibh féin sa Tiarna agus i dtréine a chumhachta. 11Gabhaigí airm agus éide Dé oraibh, chun go mbeidh cumas agaibh le seasamh in éadan camchleas na hainspride. 12Nílimid ag dul i ngleic le fuil agus feoil, ach le lucht ceannais agus cumhachtaí, le tíoránaigh dhomhanda an dorchadais seo, le drochdheamhain aeir sna háiteanna neamhaí. 13Glacaigí chugaibh mar sin airm agus éide Dé, ionas go bhféadfaidh sibh seasamh i lá an oilc agus bheith in bhur seasamh nuair a bheas deireadh déanta agaibh. 14Seasaigí mar sin, agus crios na fírinne faoi bhur gcom, agus lúireach na fíréantachta faoibhur n-ucht, 15agus soiscéal na síochána mar choisbheart oraibh; 16agus tharstu seo uile ar ardú sciath chosanta an chreidimh, ina bhféadann sibh saigheada tintreacha uile na hainspride a mhúchadh. 17Agus glacaigí clogad an tslánaithe, agus bíodh claíomh an Spioraid, is é sin briathar Dé, agaibh. 18Bígí ag umaí ar feadh an ama sa Spiorad, agus gach impí agus achainí á gcur suas agaibh. Tugaigí aire dó sin go foighneach faichilleach, ag urnaí ar son na naomh uile, 19agus ar mo shonsa, go mbronnfar saoruchtach agus urlabhra orm, leis an rúndiamhair sin, 20a bhfuil mé i mʼambasadóir i ngeimhle aici, a fhógairt os ard chomh neamheaglach agus ba chóir dom.
21Má tá uaibh mo thásc agus mo thuairsc a fháil, gheobhaidh sibh an fios uile ó Thicicus, bráthair dílis agaibh agus ministir dílis ag an Tiarna, 22atá curtha agam chugaibh dʼaonghnó le hinsint daoibh fúm agus le misneach a chur in bhur gcroíthe.
23Go raibh síocháin Dé ag na bráithre, agus grá maraon le creideamh, ó Dhia an tAthair agus ón Tiarna Íosa Críost. 24Go raibh grásta ag a mbíonn grá bithbhuan acu dár dTiama Íosa Críost.

Currently Selected:

Eiféisigh 6: OC1970

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in