Eiféisigh 5
5
1Déanaigí aithris mar sin ar Dhia, mar a dhéanfadh a chlann a bhfuil grá aige dóibh, 2agus siúlaigí ar shlí an ghrá, de réir mar a bhí grá ag Críost dúinn, a thug é féin ar ár son mar thairscint chumhra agus mar íobairt do Dhia.
3Ach maidir leis an striapachas agus an mhíghean-mnaíocht agus an tsaint, ná bídís á lua féin in bhur mease, mar ba dhual do naoimh Dé. 4Ná bíodh graostacht ná baothchaint ná beadaíocht mhíchóir ann ach oiread; ach altú do Dhia. 5Mar féadann sibh bheith cinnte de, nach bhfuil aon striapach, ná duine salach, ná duine santach (a mbíonn déithe bréige á n-adhradh aige), a bhfuil sé i ndán dó bheith ina oidhre ar ríocht Dé agus Chríost. 6Ná cuireadh aon duine dallamullóg oraibh lena chuid briathra bréagacha mar titeann dianfhearg Dé ar chlann na míchomhairle dá bharr sin. 7Ná bíodh baint ná páirt agaibh leo mar sin. 8Bhí an t-am ann a raibh sibh in bhur ndor-chacht, atá in bhur solas anois sa Tiarna; siúlaigí mar sin mar a shiúlas clann an tsolais. 9(Is é toradh an tsolais a bhfuil feabhas agus fíréantacht agus fírinne ann). 10Bíodh tóir agaibh ar a dtaitníonn leis an Tiarna. 11Ná bíodh aon bhaint agaibh le hoibreacha neamhthorthúla an dorchadais, ach á dtaispeáint mar atá siad. 12Mar tá sé náireach oiread agus a lua, a mbíonn á dhéanamh acu os íseal. 13Ach nuair a thabhartar ní chun solais bíonn sé sofheicthe, agus bíonn a bhfuil sofheicthe ina sholas. 14Is dá bhrí sin a deirtear,
“Múscail, a chodlatóir, agus éirigh ó mhairbh,
agus tabharfaidh Críost solas duit.”
15Féachaigí romhaibh mar sin sula dtugann sibh bhur gcéim, gan amaidí ná díth céille, 16ag breith ar an bhfaill agus ag baint a bhfuil ann aisti, ós laethanta oilc iad na laethanta seo. 17Ná bígí amaideach, ach tuisceanach faoi thoil an Tiama. 18Ná gabhaigí ar meisce i bhfíon, ó nach bhfuil ansin ach drabhlás; ach bígí do bhur líonadh féin leis an Spiorad, 19agus sailm agus duanta agus dánta diaga á gcanadh agaibh le chéile, ag seinm ceoil don Tiarna le croí maith mór, 20ag tabhairt buíochais go síor ar son gach aon ní in ainm ár dTiarna Íosa Críost do Dhia an tAthair.
21Bígí ag umhlú dá chéile as ómós do Chríost. 22A mhná pósta, géilligí do bhur bhfir chéile mar a dhéanfadh sibh don Tiarna. 23Mar is é an fear céile ceann a bhanchéile mar atá Críost ina cheann ar an eaglais, atá mar chorp aige, agus é féin mar Shlánaitheoir aici. 24Mar a ghéilleann an eaglais do Chríost, go mba mar sin a ghéillfeadh na mná pósta dá bhfir i ngach ní. 25A fheara pósta, bíodh grá agaibh do bhur mná, mar a bhí grá ag Críost don eaglais, a thug é féin ar a son, 26go naomhódh sé í, á glanadh le huisce agus leis an mbriathar, 27go dtí go mba eaglais ghlórmhar aige í, nach bhfuil ciothramach ná ruicneach ná lochtach, ach í niamhghlan naofa. 28Ba cheart do na fir bheith chomh ceanúil ar a mná agus tá siad ar a gcorp féin. Is ionann grá a bheith ag fear dá bhean agus grá a bheith aige dó féin. 29Ní bhíonn fuath ag fear ar bith ar a fheoil féin, ach é á cothú agus á caomhnú. Is amhlaidh a chothaíonn agus a chaomhnaíonn Críost an eaglais, 30ós baill dá chorp sinne. 31“Dá bhrí sin tréigfidh fear a athair agus a mháthair le gabháil chuig a bhean, agus déanfar aon lánúin amháin den bheirt.” 32Rúndiamhair mhór í seo, agus cuirim Críost agus an eaglais mar mhíniú uirthi; 33ach cibé scéal é, bíodh an grá ag gach fear agaibh dá bhean a bhíos aige dó féin, agus bíodh urraim ag gach bean dá fear féin.
Currently Selected:
Eiféisigh 5: OC1970
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland