1
Eiféisigh 6:12
An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)
OC1970
Nílimid ag dul i ngleic le fuil agus feoil, ach le lucht ceannais agus cumhachtaí, le tíoránaigh dhomhanda an dorchadais seo, le drochdheamhain aeir sna háiteanna neamhaí.
Compare
Explore Eiféisigh 6:12
2
Eiféisigh 6:18
Bígí ag umaí ar feadh an ama sa Spiorad, agus gach impí agus achainí á gcur suas agaibh. Tugaigí aire dó sin go foighneach faichilleach, ag urnaí ar son na naomh uile
Explore Eiféisigh 6:18
3
Eiféisigh 6:11
Gabhaigí airm agus éide Dé oraibh, chun go mbeidh cumas agaibh le seasamh in éadan camchleas na hainspride.
Explore Eiféisigh 6:11
4
Eiféisigh 6:13
Glacaigí chugaibh mar sin airm agus éide Dé, ionas go bhféadfaidh sibh seasamh i lá an oilc agus bheith in bhur seasamh nuair a bheas deireadh déanta agaibh.
Explore Eiféisigh 6:13
5
Eiféisigh 6:16-17
agus tharstu seo uile ar ardú sciath chosanta an chreidimh, ina bhféadann sibh saigheada tintreacha uile na hainspride a mhúchadh. Agus glacaigí clogad an tslánaithe, agus bíodh claíomh an Spioraid, is é sin briathar Dé, agaibh.
Explore Eiféisigh 6:16-17
6
Eiféisigh 6:14-15
Seasaigí mar sin, agus crios na fírinne faoi bhur gcom, agus lúireach na fíréantachta faoibhur n-ucht, agus soiscéal na síochána mar choisbheart oraibh
Explore Eiféisigh 6:14-15
7
Eiféisigh 6:10
Faoi chríoch, neartaígí sibh féin sa Tiarna agus i dtréine a chumhachta.
Explore Eiféisigh 6:10
8
Eiféisigh 6:2-3
“Tabhair onóir do dʼathair agus do do mháthair” (Is í sin an chéad aithne a bhfuil gealltanas léi), “ionas go mbeidh rath ort agus fad saoil agat ar an talamh.”
Explore Eiféisigh 6:2-3
9
Eiféisigh 6:1
A pháistí, déanaigí rud ar bhur dtuismitheoirí ar thoil an Tiarna, mar atá de dhualgas oraibh.
Explore Eiféisigh 6:1