Eiféisigh 4
4
1Tá mise mar sin, atá i mo phríosúnach ar son an Tiarna, ag impí oraibh maireachtáil mar a oireas do bhur ngairm, 2go mín ceansa uiríseal, go foighneach fadfhulangach carthanach le chéile, 3ar bhur ndícheall le haontacht an Spioraid a choinneáil i gcuing na síochána. 4Tá aon chorp amháin ann agus aon Spiorad amháin ann, mar aon dóchas amháin na gairme chun ar gaireadh sibh, 5aon Tiarna amháin, aon chreideamh amháin, aon bhaiste amháin, 6aon Athair-Dhia amháin againn uile, a bhíos os cionn, agus trí, agus ar fud gach ní. 7Ach bronnadh an grásta mar thomhais Críost a thíolacadh do gach duine againn. 8Deirtear mar sin,
“Nuair a chuaigh sé in airde ghabh sé mórshlua giall,
agus bhronn sé tíolaicí ar dhaoine,”
9(nuair a deirtear go ndeachaigh sé in airde, nach ionann sin agus gur thuirling sé freisin go talamh thíos? 10An té a thuirling is é a chuaigh suas os cionn a bhfuil de neamha ann, go líonadh sé corp uile na cruinne). 11Agus ba iad a thíolaicí, na daoine a bhí ina n-aspail, agus ina bhfáithe, agus ina soiscéalaithe, agus ina n-aoirí anamacha, agus ina n-oidí múinte, 12leis na naoimh a ghléasadh chun obair freastail, agus le corp Chríost a mhéadú, 13ionas go dtiocfaimid uile chun aontacht chreidimh agus eolas Mhac Dé, mar fhear déanta, a bhfuil lántomhas airde Chríost aige; 14agus gan bheith mar pháistí, á luascadh anonn is anall agus á dtiomáint thart ag baothghaotha teagaisc, agus daoine ag imirt a gcleas orthu go cluanach glic. 15Ach gan géilleadh dó sin, cuirimid romhainn bheith ag déanamh na fírinne i ngrá, agus bheith ag fás suas ar gach bealach i gCríost, an Ceann, 16nuair a bhíonn an corp uile fite fuaite in alt a chéile agus na cuislí á chothú, agus gach ball de i ngléas mar is cóir, bíonn sé ag cur leis féin agus leis an ngrá amach ón gCeann sin.
17Dearbhaím daoibh anois agus fágaim fianaise a fhírinne ar an Tiarna, gan sibh a mhaireachtáil feasta mar Ghintlithe seo na gceann leamh; 18is iad atá dallintinneach, dealaithe amach ó bheatha Dé trína n-aineolas, a tháinig as cruas a gcroíthe; 19is iad a dʼéirigh fuarchroíoch, gur chloígh le gáir-siúlacht agus cíocras orthu chun gach salachar is measa ná a chéile a chleachtadh. 20Ní hamhlaidh a dʼfoghlaim sibh Críost; 21á rá gur chuala sibh faoi agus go bhfuair sibh teagasc na fírinne atá in Íosa. 22Caithigí díbh an seanduine caite, an mí-eagar beatha atá morgtha lofa ag ainmhianta cealgacha na colainne a bhí oraibh roimhe seo, 23bíodh sprid úr agaibh ag athnuachan bhur n-intinne, 24cuirigí oraibh an nua-dhaonnacht a chruthaítear i gcosúlacht Dé go fíréanta fíornaofa fírinneach.
25Diúltaígí mar sin don bhréag, agus labhraíodh gach duine an fhírinne lena chomharsa, ós comhbhaill dá chéile sinn. 26Bíodh fearg oraibh gan peaca a bheith oraibh; ná ligigí don ghrian dul a luí ar bhur bhfearg, 27agus ná déanaigí áit don diabhal. 28Ná téadh an gadaí a ghadaíocht níos mó, ach i gcionn oibre, ag cur a lámh i saothar ionraic, ionas go bhféadfaidh sé roinnt leis an té atá i riachtanas. 29Nár thaga aon drochchaint as bhur mbéal, ach comhrá maith a oireas don ócáid, a mbainfidh an té a éisteas leis gnaoi agus tairbhe aisti. 30Agus ná goilligí ar an Spiorad Naomh, Spiorad Dé, atá mar shéala oraibh go lá bhur bhfuascailte. 31Cuirtear uaibh an tseirbhe agus an fíoch agus an fhearg agus an t-ardghlór agus an chúl-chaint agus gach uile mhírún, 32agus bígí go maith maothchroíoch le chéile, ag tabhairt maithiúnais dá chéile, mar a thug Dia an maithiúnas daoibh i gCríost.
Currently Selected:
Eiféisigh 4: OC1970
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland