YouVersion Logo
Search Icon

Colosséigh 3

3
1Má bhí an pháirt sin agaibh i gcomhaiséirí le Críost, bíodh iarraidh agaibh ar a bhfuil le fáil ansin in airde, áit a mbíonn Críost ann, ina shuí ar láimh dheas Dé. 2Bíodh bhur n-intinn dírithe ar a bhfuil ar neamh in airde, gan a ndíriú ar a bhfuil ar an talamh thíos. 3Mar is é rud, tá sibh i ndiaidh bás a fháil, agus tá bhur mbeo i bhfolach le Críost i nDia. 4Nuair a nochtfas Críost, arb é ár mbeatha é, nochtfaidh sibhse in éineacht leis i nglóir.
5Cuirigí chun báis mar sin an méid ionaibh is den saol seo: an striapachas, an mhígheanmnaíocht, anainmhian, an drochthalann, agus an tsaint sin arb ionann í le híoladh-radh. 6Is iad sin a tharraingios fearg Dé anuas. 7Peacaí iad seo ba dhubh ar bhur n-anamacha féin, san uair a mbíodh sibh ag géilleadh dóibh in bhur mbeatha. 8Ach anois tá oraibh a gcaitheamh uaibh uile; fíoch agus fearg agus mírún agus cúlchaint, agus gáirsiúlacht ná tagaidís chun bhur mbéil. 9Ná déanaigí bréag le chéile, ós rud é go bhfuil an sean-drochnádúr agus a mhíghníomhartha curtha díbh agaibh, 10agus ós rud é go bhfuil an t-athnádúr úrnua curtha oraibh agaibh, atá ag athrú a chrutha le haithne chosúlacht a chruthaitheora. 11Níl áit anseo do Ghréagach ná do Ghiúdach, do thimpeallghearradh agus dá athrach, do bharbarach agus do Scítheach, do shaor agus dhaor, ó nach bhfuil ann ach Críost, ó nach bhfuil ní ann gan Chríost ann.
12Cuirigí oraibh mar sin, mar a dhéanfaidh na daoine naofa grámhara a thogh Dia, trócaire, cineáltas, ceansacht, agus foighne, 13bígí foighneach fadfhulangach lena chéile, agus so-mhaiteach le chéile, má tá ábhar casaoide agaibh ar a chéile; caithfidh sibh maithiúnas a thabhairt dá chéile mar thug an Tiarna maithiúnas daoibh. 14Agus thar ní ar bith eile cuirigí an grá oraibh, ós é an comhcheangal críochnaithe é. 15Agus bíodh síocháin Chríost i réim in bhur gcroíthe, ar gaireadh chuici sibh go fíor san aon chorp amháin. Agus bígí buíoch. 16Cónaíodh briathar Chríost ionaibh go hiomadúil agus sibh ag tabhairt teagaisc agus tromchomh-airle dá chéile go críonna ciallmhar, agus sailm agus dánta diaga á gceol agus á gcanadh agaibh ag altú do Dhia ó chroíthe lán de bhuíochas. 17Agus cibé a bhíos á dhéanamh agaibh, más briathar nó gníomh é, déanaigí é in ainm an Tiarna Íosa, ag tabhairt buíochais do Dhia an tAthair tríd.
18A bhanchéilí, umhlaígí do bhur bhfir chéile, mar a dhlíonn sibh don Tiarna a dhéanamh. 19A fheara céile, tugaigí grá do bhur mbanchéilí, agus ná bígí cadránta leo. 20A chlann óg, umhlaígí do bhur dtuismitheoirí san uile ní, mar taitníonn sé sin leis an Tiarna. 21A aithreacha, ná cuirigí troid ar bhur gclann, ar eagla a gcloíte. 22A dhaora, umhlaígí san uile ní do na máistrí atá os bhur gcionn ar an saol seo, agus ní le súilseirbhís mar a dhéanfadh an dream a chuireas cluain ar dhaoine, ach le croí maith mór, le hómós don Tiarna. 23Cibé a bhíos le déanamh agaibh, cuirigí bhur gcroíthe ann, mar nach mbeifeá ag obair do dhaoine eile ach don Tiarna, 24ó tá fhios agaibh go bhfaighidh sibh an oidhreacht mar luach saothair ón Tiarna; is don Tiarna Críost atá sibh ag déanamh seirbhíse. 25Mar gheobhaidh an té a rinne an éagóir cúiteamh san éagóir atá déanta aige, agus ní féidir an breithiúnas a chlaonadh le taobh ar bith.

Currently Selected:

Colosséigh 3: OC1970

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in