YouVersion Logo
Search Icon

Colosséigh 4

4
1A mháistrí, tugaigí ceart agus cothrom do na daoir atá agaibh, ó tá a fhios agaibh go bhfuil máistir agaibh féin ar neamh.
2Bígí ag urnaí go síor, agus aire oraibh inti ar altú, 3agus bígí ag guí ar ár son freisin, go n-osclóidh Dia doras roimh an mbriathar dúinn, le rúndiamhair Chríost, a bhfuil mé i bpríosún ar a son, a nochtadh, 4go mbeidh mé chomh deisbhéalach agus ba chóir dom, lena léirnochtadh.
5Bígí go céillí glic in bhur n-iompar leis an eachtrannach agus bainigí a bhfuil ann as gach ócáid. 6Bíodh gnaoi ar bhur mbriathra, agus déanaigí blasta iad le gráinne salainn, ionas go mbeidh fhios agaibh cad é an freagra is fearr a oireas don duine a bhfuil tú ag plé leis.
7Inseoidh Ticicus daoibh faoi mo chúrsaí uile; is ionúin an bráthair é agus é ina fhreastalaí dílis agus ina chomh-sheirbhíseach agam don Tiarna. 8Is í sin an chúis ar chuir mé chugaibh é, le fios a thabhairt daoibh faoin mbail atá orainn agus le misneach croí a chur ionaibh, 9agus tá Onésimus, an bráthair dílis ionúin, in éineacht leis, ar dhuine díbh féin é. Tabharfaidh siadsan scéal daoibh faoinar tharla anseo.
10Tá Aristarcos mo chomhphríosúnach ag beannú daoibh, eisean agus Marcas col ceathrar Bhamabais (ar tugadh ordaithe daoibh ina thaobh—má thagann sé chugaibh, fáiltígí roimhe), 11agus Íosa dar chomhainm Iustus. Níl ach iadsan den dream timpeallghearrtha atá ag comhoibriú liom ar son ríocht Dé, agus ba shólás dom iad. 12Tá Epafras, atá ina dhuine díbh féin, agus ina sheirbhíseach ag Íosa an Críost, ag beannú daoibh, agus ag cuimhneamh oraibh de shíor ina phaidreacha, go mbeidh sibh lánaibí agus lándeimhnithe i ngach ní is toil le Dia. 13Mar táim i mʼfhinné ar an obair dhian atá déanta aige daoibhse agus dá bhfuil againn i Laodicía agus i Hierapolis. 14Tá Lúcás an lia ionúin agus Démas ag beannú daoibh. 15Tugaigí beannacht uaim do na bráithre i Laodicía, agus do Nimfa agus don eaglais a bhíos ag teacht chun a tí-se. 16Agus nuair a bheas an litir seo léite agaibhse, féachaigí chuige go léifear í dʼeaglais na Laodicéach; agus nárab é bhur ndearmad an litir ó Laodicía a léamh. 17Agus abraigí le hArcippus, “Nárab é do dhearmad an fhriotháil seo a thaobhaigh an Tiarna leat a chomhlíonadh.”
18Mise, Pól, ag fágáil slán agaibh i lorg mo láimhe féin. Ná déanaigí dearmad de na geimhle seo orm. Grásta Dé go raibh agaibh.

Currently Selected:

Colosséigh 4: OC1970

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in