Colosséigh 2
2
1Ba mhaith liom a fhios a bheith agaibh mar sin go bhfuil mé ag spairn go teann ar bhur son, agus ar son mhuintir Laodicía, agus ar son an dreama nach bhfaca aon amharc ar mo ghnúis, 2le tuilleadh misneach croí a bheith acu agus iad i gcomhshnaidhm grá le chéile, agus seilbh a bheith acu ar shaibhreas uile lántuisceana agus eolas rúndiamhair Dé, eolas Chríost a bheith acu. 3Is i gCríost atá órchistí uile na heagna agus an eolais i bhfolach. 4Deirim é seo ionas nach meallfaidh aon duine le briathra cluana sibh. 5Mar cé go bhfuil mé as láthair go corportha táim libh go spioradálta, agus áthas orm leis an eagar maith atá oraibh agus an creideamh daingean atá agaibh i gCríost a fheiceáil.
6Mar atá glactha agaibh le hÍosa mar Chríost agus mar Thiarna, go mba amhlaidh a mhairfeadh sibh ann, 7agus a fhréamhófar agus a bhunófar sibh ann sa chreideamh, mar a múineadh daoibh é, agus altú go minic in bhur mbéil.
8Bígí ar bhur bhfaichill gan ligean dʼaon duine bhur gcreach a dhéanamh le feallsúnacht agus le cluanaireacht fholamh fhealltach, de réir nósanna daonna, de réir spridí bhundúl na hollchruinne, agus gan bheith de réir Chríost. 9Mar is i gCríost a bhíos lán iomlán na diagachta ina cónaí agus a chorp mar áras aici, 10agus is ann a fhaigheas sibh beatha iomlán, ós é ardcheann gach ceannais agus gach údaráis dá bhfuil ann é. 11Is ann lena chois sin a fuair sibh timpeallghearradh nach ndéantar le láimh dhaonna, ag cur corp na colainne díbh i dtimpeallghearradh Chríost; 12agus chuaigh sibh síos san uaigh leis sa bhaiste, agus sa bhaiste céanna tógadh ar an aiséirí sibh leis trí bhur gcreideamh in oibriú Dé a thóg ó mhairbh é. 13Is sibh a bhí marbh básaithe trí bhur gcoireanna, ach gur bheoigh Dia sibh in éineacht leis, agus ár gcoireanna uile maite aige, 14i ndiaidh é an banna a bhí inár n-éadan ina raibh ar éiligh ceart an dlí orainn a chur ar ceal; chuir sé an banna sin i leataobh, á ghreamú le tairní dá chrois. 15Bhain sé na hairm agus an éide de na flaithis agus de na cumhachtaí agus rinne sé sampla díobh os comhair an tsaoil, agus fuarthas a mbua ann.
16Dá bhrí sin de, ná ligigí dʼaon duine bheith ina bhreitheamh os bhur gcionn i gceisteanna an bhia agus na dí nó i dtaobh fhéile na gealaí úire nó na sabóide. 17Níl iontu seo ach scáil i gcomórtas lena bhfuil le teacht; ach is le Críost an corp a chaitheas an scáil sin roimhe. 18Ná ligigí dʼaon duine bheith do bhur ndícháiliú, ag seasamh ar dhiansmacht coirp agus ar adhradh na n-aingeal, ag bunú a theagaisc ar na haislingí a chonaic sé, agus é ag borradh gan fáth le smaointe a tháinig ó na céadfaí corportha, 19duine nach bhfuil aon ghreim aige ar an gCeann, a bhfuil an corp uile ag brath air, agus é á fhí leis le féitheacha agus á chothú uaidh le cuislí, agus Dia ag cur fáis faoi.
20Má fuair sibh bás agus buanéag i gcuideachta Chríost do spridí dhúl na hollchruinne, cad chuige daoibh bheith ag eagrú bhur mbeatha ar nós an tsaoil seo? Cad chuige bheith ag géilleadh do rialacháin? 21“Ná láimhsígí é, Ná blaisigí é, Ná ligigí bhur méara air,” 22(agus baint acu seo le nithe a théas ar ceal lena gcaitheamh), de réir aitheanta agus teagaisc dhaonna? 23Bíonn cuma na heagnaíochta ar na rialacha seo mar chuireadh siad le cruachráifeacht agus féinuirísliú agus éadrócairí don chorp, ach níl pioc maith-easa iontu le cosc a chur le sásamh ainmhianta na colainne.
Currently Selected:
Colosséigh 2: OC1970
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland