YouVersion Logo
Search Icon

2 Coraintigh 3

3
1An bhfuilimid ag tosú ar ár moladh féin athuair? Nó an é go bhfuil gnó againn, mar atá ag daoine nach n-ainmníonn, de litreacha molta chugaibh nó uaibh? 2Is sibh féin ár litir mholta, a bhfuil scríbhneoireacht ar bhur gcroíthe atá intuigthe agus inléite ag gach uile dhuine; 3ós léir gur litir sibh ó Chríost atá á hiompar againne, nár scríobh le dúch ach le Spiorad an Dé bhí, agus nár scríobh ar chruachláir chloiche, ach ar mhaothchláir chroí.
4Sin an mhuinín a bhíos as Dia againn trí Chríost. 5Ní ionann sin agus a rá go mbíonn éifeacht ionainn uainn féin le maíomh aisti; is ó Dhia a bhíos an éifeacht ionainn, 6a rinne ministrí éifeachtacha dínn le cúnant úrnua a fhriotháil, nach dtugtar trí fhuarlitreacha an dlí, ach trí bheochumhacht an Spioraid, mar tugann fuarlitir an dlí an bás, ach bronnann an Spiorad an bheatha.
7Bhí a cuid féin den ghile ag dáilfhreastalacht úd an bháis a bhí á snoí i bhfuarlitreacha ar chloch. Níor fhéad na hlosraelítigh amharc ar ghnúis Mhaois de bharr a gile, siúd is gur ghile neamhbhuan í. 8Agus nach mbeidh gile níos mó ná sin ann nuair a bheifear ag dáileadh an Spioraid? 9Má bhí gile ag dáileadh na daorbhreithe, caithfidh gile i bhfad níos mó bheith i ndáileadh na fíréantachta. 10Ar ndóigh, ni bheidh gile ina gile i gcomórtas leis an ngile atá as méid gach gile. 11Mar má bhí an ní neamhbhuan geal, beidh gile na gile sa ní a bhíos buan go brách.
12Bímid go dána neamheaglach, agus an dóchas seo againn, 13agus ní bhímid mar Mhaois, a chuireadh caille thar a ghnúis ionas nach bhfeicfeadh. na hIosraelítigh deir-eadh na gile neamhbhuaine. 14Ach is amhlaidh bhíodh a gcroíthesean á gcruachan; mar go dtí an lá inniu, nuair a bhíonn an seanchúnant á léamh acu, fanann an chaille sin thíos gan a tógáil dá n-intinn, ós rud é nach féidir a tógáil ach i gCríost amháin. 15Agus tá sin amhlaidh go dtí anois agus Maois á léamh, bíonn caille thíos ar smaointe a gcroíthe; 16ach nuair a iompaíonn duine chuig an Tiarna tógtar an chaille sin de. 17Anois is é an Tiarna an Spiorad, agus cibé áit a mbíonn Spiorad an Tiarna, bíonn an tsaoirse ann. 18Agus bímidne uile gan caille ar ár ngnúis agus sinn ag amharc ar ghlóir an Tiarna, ag dul ónár gcruth féin chun a chosúlachta, ón nglóir is lú go dtí an ghlóir is airde; agus tagann sin uile ón Tiarna atá ina Spiorad ann.

Currently Selected:

2 Coraintigh 3: OC1970

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in