2 Coraintigh 4
4
1Mar sin, ós de bharr trócaire Dé a bhíos an dáil-fhreastal seo againn, ní chaillimid ár misneach. 2Tá diúltaithe againn do chneamhaireacht faoi cheilt; ní bhímid inár gcleasaithe ag cur bhriathar Dé as a riocht, ach ag léimochtadh na fírinne ar nós a shásaíos coinsias gach duine i láthair Dé. 3Agus más ní é go gceiltear ár soiscéal, ní cheiltear é ach ar lucht na láimhe clé. 4Lucht an dí-chreidimh iad, ar dhall dia beag an tsaoil seo a n-intinn, ar chaoi nach bhfaigheann siad aon amharc ar sholas shois-céalghlóir Chríost, íomhá Dé. 5Ní sinn féin ábhar ár seanmóra, ach Íosa Críost ina Thiarna oraibh, agus sinne inár seirbhísigh agaibh de gheall ar Íosa. 6Mar is é an Dia a dúirt, “Soilsíodh an solas ar an dorchadas,” a las a sholas inár gcroíthe, solas eolais ar ghlóir Dé i ngnúis Íosa Críost.
7Ach bíonn an tseoid sin á taisceadh againn i soithigh créafóige, go mba léir nach linne ach le Dia an chumhacht is airde. 8Bítear ár mbuairéamh ar gach dóigh gan ár mbascadh; bíonn dalladh ar ár n-aigne gan chailleadh dóchais; 9cuirtear an tóir orainn ach ní dhéantar ár dtréigean; treascartha ach ní scriostar sinn; 10bíonn bás Íosa á iompar linn inár gcoirp, ionas go bhfoilseofar beatha Íosa inár gcoirp freisin. 11Mar chomh fada agus atáimid beo, bítear ár dtabhairt chun báis de gheall ar Íosa, ionas go bhfoilseofar beatha Íosa freisin inár gcolainn sho-mharaithe. 12Bíonn mar sin an bás ar obair ionainne, ach is í an bheatha a bhíos ar obair ionaibhse.
13Bíonn an sprid chéanna chreidimh againne agus bhí ag an té a scríobh, “Chreid mé, agus as sin labhair mé,” is mar sin dúinne, creidimid agus tugann ár gcreideamh orainn labhairt, 14ós feasach dúinn go dtógfaidh an té, a thóg an Tiarna Íosa, sinne freisin in éineacht le hÍosa agus go dtabharfaidh sé sinne ina láthair in éineacht libhse. 15Tharla sin uile chun bhur leasa, ionas go mbeidh tuilleadh grásta ag tuilleadh daoine, agus tuilleadh buíochais ann dá bharr, le glóir Dé a mhéadú.
16Ní aon ábhar beagmhisnigh dúinn é sin. Siúd is go bhfuil an duine atá ar an taobh amuigh á chaitheamh, bíonn an duine atá ar an taobh istigh á athnuachan ó lá go lá. 17Bíonn an t-angar éadrom sealadach seo ann lenár n-ullmhú i gcomhair tromthomhas glóire a chuaigh as méid gan chomórtas, 18ó nach n-amharcaimid ar na nithe so-fheicthe ach ar na nithe dofheicthe; ó nach maireann na nithe so-fheicthe ach seal, ach gur síoraí buan iad na nithe dofheicthe.
Currently Selected:
2 Coraintigh 4: OC1970
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland