2 Coraintigh 2
2
1Mar is é rud, bhí sé socair agam gan an dara cuairt ghoilliúnach a thabhairt oraibh. 2Má chuirim brón oraibh, cé atá agam le háthas a chur orm ach sibhse ar chuir mé brón oraibh? 3Agus scríobh mé mar a scríobh, ionas nach gcuirfidís brón orm, an dream sin ar chóir dóibh áthas a chur orm, nuair a thiocfainn, ó bhí muinín agam asaibh uile go léir. 4Mar scríobh mé chugaibh as angar mór agus as buairt chroí agus as frasa deor, agus gan é ar mʼintinn brón a chur oraibh, ach méid mo ghrá daoibh a nochtadh daoibh.
5Ach má chuir aon duine brón ar dhuine ar bith, ní ormsa amháin a chuir sé é, ach oraibh uile (ar mhodh éigin deirim, leisce bheith ródhian air). 6Is leor don duine sin an pionós a chuir an mhórchuid air; 7agus is ceart daoibh mar sin iompú chuige le maithiúnas agus sólás a thabhairt dó, ar eagla a bháite le barraíocht bróin. 8Táim ag iarraidh oraibh mar sin bhur ngrá a athdhearbhú dó. 9Mar sin an chúis ar scríobh mé chugaibh, le féachaint a chur oraibh agus le fios a fháil go bhfuil sibh umhal i ngach uile phointe. 10Má mhaith sibh dʼaon duine, maithim féin dó freisin. An méid a mhaith mé (má tá rud ar bith maite agam) is mar mhaithe libhse a mhaith mé é i láthair Chríost, 11ar eagla go mbeadh aon bhuntáiste ag Sátan orainn; mar nílimid in aineolas ar cad é atá faoi.
12Nuair a tháinig mé go Tróas le soiscéal Chríost, bhí doras romham ag an Tiarna; 13ach ní raibh aon suaimhneas intinne agam ó nach raibh mo bhráthair Titus ansin romham. Dʼfhág mé slán acu sin, agus chuaigh mé ar aghaidh liom go dtí an Mhacadóin.
14Ach altú do Dhia, a thugas an bua dúinn i gcónaí i gcúrsaí Chríost, agus a Honas gach áit le cumhracht a eolais trínne. 15Mar bíonn cumhracht Chríost ag Dia uainn i measc ceachtar acu, an dream a chailltear agus an dream a shlánaítear, 16boladh báis agus buanéaga ó dhream amháin, agus boladh beo na beatha ón dream eile. Ach cé a bhfuil acmhainn na nithe sin aige? 17Mar nílimidne, dála a lán daoine, inár mangairí le briathar Dé; ach inár dteachtairí ó Dhia dáiríre a labhraíos i láthair Dé agus a bhfuil ár gcroí i gCríost.
Currently Selected:
2 Coraintigh 2: OC1970
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland