Ní ionann sin agus a rá go mbíonn éifeacht ionainn uainn féin le maíomh aisti; is ó Dhia a bhíos an éifeacht ionainn, a rinne ministrí éifeachtacha dínn le cúnant úrnua a fhriotháil, nach dtugtar trí fhuarlitreacha an dlí, ach trí bheochumhacht an Spioraid, mar tugann fuarlitir an dlí an bás, ach bronnann an Spiorad an bheatha.