YouVersion Logo
Search Icon

Irimia 33

33
Geallúint eile go nAtógfar Iarúsailéim agus Iúdá
1Bhí Irimia fós i bpríosún i gCúirt an Gharda nuair a tháinig briathar an Tiarna chuige an dara huair. 2“An Tiarna, an té a chruthaigh an talamh, a chum agus a dhaingnigh í–an Tiarna a ainm–deir sé é seo: 3Glaoigh ormsa agus freagróidh mé thú; inseoidh mé duit rúndiamhra móra nach feasach duit dada fúthu. 4Óir is mar seo a deir an Tiarna Dia Iosrael, i dtaobh tithe na cathrach seo agus i dtaobh phálás rí Iúdá atá le scriosadh. In aghaidh mótaí agus pailís 5rachaidh siad ag troid leis na Caildéigh, ach is ag líonadh na cathrach a bheidh siad le corpáin na ndaoine a leagfaidh mise ar lár i mo fheirg agus i mʼfhraoch, [an dream] ar fholaigh mé mʼaghaidh orthu mar gheall ar a n‑olcas. 6Ach féach, brostóidh mise chucu biseach agus leigheas; leigheasfaidh mé iad agus cuirfidh mé in aithne dóibh iomláine na síochána agus na sábháilteachta. 7Déanfaidh mé Iúdá agus Iarúsailéim a athnuachain agus atógfaidh mé iad mar a bhí siad an chéad uair. 8Glanfaidh mé iad ón uile pheaca a rinne siad i mo aghaidhse; na peacaí lenar mhaslaigh siad mise agus lenar thug cúl liom, maithfidh mé iad uile dóibh. 9Agus beidh Iarúsailéim ina cúis áthais domsa, ina cúis maíte agus onóra i láthair a bhfuil de chiníocha ar talamh; nuair a chluinfidh siadsan an uile mhaith atá á dhéanamh agam tiocfaidh eagla agus uamhan orthu mar gheall ar an uile shéan agus síocháin a sholáthraím di.’ 10Is mar seo a deir an Tiarna: ‘San áit seo, a deir tusa: Is uaigneach é gan duine ná ainmhí; i mbailte Iúdá agus i sráideanna briste Iarúsailéim mar nach bhfuil duine ná ainmhí, cluinfear arís 11guth na lúcháire agus an ghairdeachais, glórtha an fhir nuaphósta agus na brídeoige, agus an dream a bheir íobairtí buíochais go Teampall an Tiarna ag gabháil foinn:
Molaigí Tiarna na Slua,
óir is maith é an Tiarna,
óir maireann a bhuanghrá go brách.
“Óir atógfaidh mé an tír seo mar an gcéad uair. Fógraíonn an Tiarna é!’ 12Is mar seo a deir Tiarna na Slua: ‘San áit seo, san fhásach seo gan duine ná ainmhí agus ina bhailte uile, beidh tailte féaraigh arís, áit a gcuirfidh aoirí a dtréada ina luí. 13I mbailte uile na nArdán, ar an Achréidh agus sa Neigib, i ndúiche Bhiniáimin, sna ceantair timpeall Iarúsailéim agus i mbailte Iúdá, imeoidh na tréada arís faoi lámha an té a áiríonn iad. Fógraíonn an Tiarna é. 14Féach, tá na laethanta ag teacht–an Tiarna a labhraíonn–agus comhlíonfaidh mé an gheallúint a rinne mé do theach Iosrael agus do theach Iúdá:
15Sna laethanta sin agus san am sin
cuirfidh mise dʼfhiacha ar Bheangán fíréanta
fás suas do Dháiví,
agus déanfaidh sé breithiúnas agus ceart sa tír.
16Sábháilfear Iúdá sna laethanta sin
agus mairfidh Iarúsailéim i ndóchas.
Agus is é seo an t‑ainm a thabharfar ar an gcathair:
An Tiarna Ár bhFíréantacht.’
17“Óir is mar seo a deir an Tiarna: ‘Ní bheidh in easnamh ar Dháiví choíche sliochtach fireann a shuífidh i gcathaoir ríoga theach Iosrael. 18Ní bheidh in easnamh ach an oiread ar shagairt na Léivíteach sliochtach fireann a sheasfaidh i mo láthairse a ofráil íobairte loiscthe, a loscadh abhlainne agus a ofráil íobairte gach lá.’ ”
19Tháinig briathar an Tiarna go Irimia. 20“Is mar seo a deir an Tiarna: ‘Dá bhféadfá mo chonradh lae a bhriseadh agus mo chonradh oíche ionas nach mbeadh lá ná oíche ina n‑am féin, 21ansin dʼfhéadfaí freisin mo chonradh le Dáiví mo shearbhónta a bhriseadh ionas nach mbeadh mac aige le rialú ina chathaoir ríoga, agus mar an gcéanna leis na sagairt Léivíteacha is searbhóntaí domsa. 22Mar nach féidir slua neimhe a áireamh ná gaineamh na farraige a thomhas, is mar sin a mhéadóidh mise sliocht Dháiví mo shearbhónta agus na Léivítigh, a dhéanann [mar aon leis na hoidhrí seo] freastal orm.’ ”
23Tháinig briathar an Tiarna go Irimia: 24“Nár thug tusa faoi deara céard deir an pobal seo: ‘An dá mhuintir a thogh an Tiarna theilg sé uaidh anois iad’? Mar seo a tharcaisníonn siad mo mhuintir ionas nach náisiún níos mó iad ina láthair. 25Is mar seo a deir an Tiarna: ‘Murar chruthaigh mise lá agus oíche agus murar reachtaigh mé ordú neimhe agus talún, 26más ea, teilgim uaim sliocht Iacóib agus Dháiví mo shearbhónta agus ní thoghfaidh mé aon rialtóir dá shliocht le bheith ina rí ar oidhrí Abrahám, Íosác agus Iacóib! Óir cuirfidh mé an rath arís orthu agus glacfaidh mé trua dóibh.’ ”

Currently Selected:

Irimia 33: ABN

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Irimia 33