YouVersion Logo
Search Icon

Irimia 34

34
Oidhe Zidicíá
1An briathar a tháinig go Irimia nuair a bhí Nabúcadnazar agus a shlua uile agus ríochtaí an domhain uile faoina thiarnas agus an uile phobal ag cur cogaidh ar Iarúsailéim agus ar a bailte máguaird: 2“Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Imigh agus labhair le Zidicíá, rí Iúdá. Inis é seo dó: Is mar seo a deir an Tiarna: Táim ag tabhairt na cathrach anois i lámha rí na Bablóine, agus dófaidh sé go talamh í. 3Agus ní imeoidh tusa uaidh ach tógfar thú go deimhin agus cuirfear ina láimh thú. Feicfidh tú rí na Bablóine gnúis le gnúis agus labharfaidh tú leis béal ar bhéal. Rachaidh tú don Bhablóin. 4Mar sin féin éist briathar an Tiarna, a Zidicíá, a rí Iúdá, agus ní mharófar leis an gclaíomh thú; 5éagfaidh tú i síocháin. Agus faoi mar a loisceadh spíosraí do dʼaithreacha, na ríthe a bhí romhat in anallód, is mar sin a loiscfidh siad spíosraí duitse agus a chaoinfidh siad thú: Mo léan, a mhórgacht! Dúirt mise é–is é an Tiarna a labhraíonn.’ ”
6Dʼinis Irimia fáidh na briathra seo uile do Zidicíá rí Iúdá, in Iarúsailéim, 7nuair a bhí slua rí na Bablóine ag ionsaí Iarúsailéim agus bailte Iúdá a sheas amach fós, mar atá Láicís agus Azaecá, a raibh fágtha de bhailte Iúdá gan géilleadh, mar bhí siad daingnithe.
Na Sclábhaithe Fuascailte
8An briathar a tháinig go Irimia ón Tiarna tar éis don rí Zidicíá conradh a dhéanamh leis an bpobal uile in Iarúsailéim maidir le saoirse a thabhairt dá sclábhaithe: 9go ligfeadh gach uile dhuine a sclabhaithe uaidh, idir fhir agus mhná, má ba Eabhraigh iad, ionas nach gcoinneodh Giúdach ar bith a dheartháir i ndaoirse. 10Na prionsaí uile agus an pobal uile a chuaigh sa chonradh go ligfeadh gach aon duine dá sclábhaithe, idir fhir agus mhná, imeacht uaidh, agus nach gcoinneodh ina sclábhaithe iad níos mó, dʼaontaigh siad agus lig saor iad. 11Ina dhiaidh sin, áfach, tháinig siad ar mhalairt aigne, thóg siad ar ais na sclábhaithe, idir fhir agus mhná, agus cuireadh faoi chuing arís mar sclábhaithe iad. 12Mar sin tháinig briathar an Tiarna go Irimia: 13“Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Rinne mé conradh le bhur n‑aithreacha nuair a thug mé amach as an Éigipt iad, as teach na daoirse; dúradh ann: 14I gceann seacht mbliana ligeadh gach aon duine agaibh dá dheartháir Eabhrach, a díoladh libh, imeacht; tar éis sé bliana dó ina sclábhaí agat ligfidh tú dó imeacht saor uait. Ach níor éist bhur n‑aithreacha, ní thabharfaidís aird. 15Anois, bhí intinn eile agaibh inniu agus rinne sibh an ceart i mo radharc, gach aon duine a fhógairt saoirse dá chomharsa; rinne sibh conradh i mo láthair sa Teampall a ghairtear i mo ainm. 16Agus ansin tháinig sibh ar mhalairt aigne agus thruailligh sibh mʼainm; thóg gach aon duine agaibh a sclábhaithe ar ais, idir fhir agus mhná, a bhí ligthe saor agaibh ar a dtoil féin, á dtabhairt faoi dhaoirse agaibh arís.’
17“Dá bhrí sin, is mar seo a deir an Tiarna: ‘Níor umhlaigh sibh domsa, gach duine saoirse a fhógairt dá dheartháir agus dá chomharsa. Tá go maith mar sin–is é an Tiarna a labhraíonn–fógraímse daoibhse saoirse chun an chlaímh, na plá agus chun an ghorta; déanfaidh mé díol uafáis díbh don uile ríocht ar domhan. 18Agus na fir seo a bhris mo chonradh agus nár chomhlíon briathar an chonartha a rinneadh i mo láthairse, díolfaidh mé leo amhail an lao a ghearr siad le go dtriallfaidís idir na coda. 19Maidir le prionsaí Iúdá agus Iarúsailéim, leis na coillteáin agus na sagairt, agus pobal uile na tíre a chuaigh idir coda an lao, 20tabharfaidh mise iadsan i láimh a namhad agus i láimh na droinge a iarrann a mbás; beidh a gcorpáin mar bhia ag éanlaith an aeir agus ag ainmhithe na talún. 21Maidir le Zidicíá rí Iúdá agus a phrionsaí, tabharfaidh mé iadsan freisin i láimh a namhad agus i láimh na droinge a iarrann a mbás, agus i láimh slua rí na Bablóine atá díreach tar éis tarraingt siar uaibh. 22Éist, ordóidh mise é–an Tiarna a labhraíonn–agus tabharfaidh mé orthu teacht ar ais go dtí an chathair seo, í a ionsaí, a ghabháil agus a dhó go talamh. Déanfaidh mé fásach gan áitreabh de bhailte Iúdá.’ ”

Currently Selected:

Irimia 34: ABN

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in