Irimia 32
32
Ceannaíonn Irimia Garraí
1An briathar a tháinig go Irimia ón Tiarna sa deichiú bliain de Zidicíá rí Iúdá, arbh í an t‑ochtú bliain déag de réimeas Nabúcadnazar í. 2San am sin bhí Iarúsailéim faoi léigear ag arm rí na Bablóine, agus cuireadh Irimia fáidh faoi ghlas i gCúirt an Gharda a bhí i bpálás rí Iúdá, 3óir is ann a chuir Zidicíá rí Iúdá i bpríosún é. “Cad chuige duit,” ar sé, “ag tairngreacht mar seo, á rá: ‘Is mar seo a deir an Tiarna: Tabharfaidh mé an chathair seo i láimh rí na Bablóine le go ngabhfaidh sé í, 4agus ní rachaidh Zidicíá rí Iúdá as láimh na gCaildéach, ach go deimhin tabharfar i láimh rí na Bablóine é, agus labhróidh sé leis béal ar bhéal agus feicfidh sé é gnúis le gnúis. 5Tógfaidh sé Zidicíá don Bhablóin agus fanfaidh sé ansin (go dtaga mise ar cuairt chuige–an Tiarna a labhraíonn. Má tá go dtroidfidh sibh leis na Caildéigh ní bhéarfaidh sibh bua!)’?”
6Dúirt Irimia: “Tháinig briathar an Tiarna chugamsa á rá: 7Féach, tiocfaidh Hanamael mac Shealúm deartháir dʼathar chugat agus déarfaidh: Ceannaigh duit féin mo gharraí in Anatót, óir is leat ceart a fhuascailte ar phraghas. 8Agus faoi mar a bhí ráite ag an Tiarna tháinig Hanamael mo chol ceathrar chugamsa i gCúirt an Gharda. Dúirt liom: ‘Ceannaigh mo gharraí atá in Anatót, óir is leat ceart a oidhreachta agus a fhuascailte, ceannaigh duit féin é.’ Bhí a fhios ansin agam gurbh é sin ordú an Tiarna. 9Mar sin cheannaigh mé an garraí ó mo chol ceathrar Hanamael as Anatót agus dʼíoc leis an luach, seacht seicil déag airgid. 10Scríobh mé amach an cuntas agus shéalaigh é, ghlaoigh mé ar fhinnéithe agus thomhais an t‑airgead sa mheá. 11Ansin ghlac mé scríbhinn an cheannaithe agus é séalaithe de réir an dlí mar aon lena cóip oscailte, 12agus thug mé scríbhinn an cheannaithe do Bharúch mac Néiria, mac Mhásaeiá, i radharc Hanamael, mo chol ceathrar, i radharc na bhfinnéithe a shínigh an scríbhinn cheannaithe agus na nGiúdach uile a tharla a bheith i gCúirt an Gharda san am. 13Ina láthair siúd thug mé na treoracha seo a leanas do Bharúch: 14‘Tóg na scríbhinní seo, an scríbhinn cheannaithe atá séalaithe mar aon lena cóip oscailte, agus cuir i soitheach cré iad, ionas go maire siad seal fada.” 15Óir is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: ‘Ceannóidh daoine garraithe agus fíniúna arís sa tír seo.’
16“Tar éis dom an scríbhinn cheannaithe a thabhairt do Bharúch mac Néiria ghuigh mé an Tiarna mar seo: 17‘Á, a Thiarna Dia, is tú a chruthaigh neamh agus talamh le do chumhacht mhór agus le do láimh sínte amach. Níl aon rud dodhéanta duitse. 18Taispeánann tú cineáltas do na mílte, ach cúitíonn tú éigeart na n‑aithreacha go hiomlán lena gclann ina ndiaidh. Dia mór, cumhachtach, arb é Tiarna na Slua a ainm! 19Mór i gcomhairle, agus cumasach i ngníomh, a bhfuil a shúile oscailte ar bhealaí uile na ndaoine, a thabhairt do gach aon duine de réir a shlite agus torthaí a ghníomhartha! 20Rinne tú comharthaí agus iontais i dtír na hÉigipte agus mar an gcéanna inniu in Iosrael agus i measc an chine dhaonna. Rinne tú an t‑ainm duit féin atá agat inniu. 21Thug tú amach do phobal as crích na hÉigipte le comharthaí agus le hiontais, le láimh láidir agus le géag sínte amach agus le huafás mór. 22Ansin thug tú an fearann seo dóibh a mhionnaigh tú a thabharfá dá n‑aithreacha, fearann le bainne agus mil ina slaoda. 23Agus tháinig siad ann agus shealbhaigh é. Ach níor umhlaigh siad do do ghuthsa, ní mó a shiúil siad i do dhlí: ní dhearna siad aon ní den uile ní a dʼordaigh tú dóibh a dhéanamh; ar an ábhar sin thug tú faoi deara an t‑olc seo uile a theacht orthu. 24Féach, na mótaí ag teacht i ngar don chathair le haghaidh a gabhála! Tabharfaidh an claíomh, an gorta agus an phlá an chathair i láimh na gCaildéach. An rud a dúirt tú tá sé tagtha i gcrích anois, feiceann tú é. 25Ach dúirt tú féin liomsa, a Thiarna Dia: Ceannaigh an garraí ar airgead i láthair finnéithe; agus anois féin tá an chathair á tabhairt i láimh na gCaildéach.’ 26Ansin tháinig briathar an Tiarna [chugamsa]: 27‘Féach, is mise an Tiarna, Dia an uile dhuine: an bhfuil ní ar bith dodhéanta dom?’
28“Dá bhrí sin, is mar seo a deir an Tiarna: ‘Táim ag tabhairt na cathrach seo anois i láimh na gCaildéach, i láimh Nabúcadnazar rí na Bablóine, agus tógfaidh seisean í. 29Tiocfaidh na Caildéigh atá ag ionsaí na cathrach seo agus cuirfidh trí thine í; loiscfidh siad na tithe ar ofráladh ar a ndíonta túis do Bhál, mar ar doirteadh amach tabhartais dí do dhéithe eachtrannacha, do mo bhrostúsa chun feirge. 30Óir is olc amháin a rinne clann Iosrael agus clann Iúdá i mʼfhianaise óna n‑óige (óir bhrostaigh clann Iosrael go deimhin mé chun feirge lena ngníomhartha–is é an Tiarna a labhraíonn). 31Sea, tá an chathair seo chomh mór sin ina brostú feirge agus fraoch domsa ón lá ar tógadh í go dtí inniu, go mbainfidh mé as mo radharc í, 32mar gheall ar na hoilc uile a rinne clann Iosrael agus clann Iúdá do mo bhrostúsa, iad féin, a ríthe, a bprionsaí, a sagairt agus a bhfáithe, fir Iúdá agus cathróirí Iarúsailéim. 33Dʼiompaigh siad a gcúl liomsa agus ní hé a n‑aighthe; agus tar éis dom iad a theagasc go moch agus go déanach ní éistfidís ná ní raibh aird acu ar a gceacht. 34Sheas siad a n‑íola sa Teampall a ghairthear i mʼainmse, á thruailliú. 35Thóg siad áiteanna arda Bhál i nGleann Bhein Hionnom mar a dtugann siad ar a gclann mhac agus ar a n‑iníonacha dul tríd an tine do Mhoilic–rud nár ordaigh mise riamh, ní mó a tháinig i mʼintinn go ndéanfaidís coireanna gránna mar iad–a thabhairt ar Iúdá peacú.’
36“Ach anois, agus ar an ábhar céanna sin, is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael, i dtaobh na cathrach seo faoina n‑abrann tusa go dtabharfaidh an claíomh, an gorta, agus an phlá i láimh rí na Bablóine í: 37Cruinneoidh mise iad as na tíortha uile inar dhíbir mé iad i mʼfhearg, i mʼfhraoch agus i mo chuthach mór. Tabharfaidh mé ar ais don áit seo iad agus tabharfaidh mé orthu cónaí go sábháilte. 38Ansin beidh siad ina bpobal agamsa agus beidh mise i mo Dhia acusan. 39Tabharfaidh mé malairt chroí dóibh agus malairt iompair, le go mbeidh mo eaglasa orthu go brách, ar mhaithe leo féin agus lena gclann ina ndiaidh. 40Déanfaidh mé conradh síoraí leo; ní éireoidh mé as déanamh maitheasa dóibh, agus cuirfidh mé mʼurraim ina gcroí, ionas nach ndealóidh siad arís uaim. 41Gairdeoidh mé mar gheall ar mhaitheas a dhéanamh dóibh, agus plandóidh mé le barr dílse iad sa dúiche seo, le mo chroí agus le mʼanam go hiomlán.’ 42Óir is mar seo a deir an Tiarna: ‘Faoi mar a thug mé an t‑olc mór seo ar an bpobal seo, is mar sin a tabharfaidh mé orthu an uile mhaith dá ngeallaim dóibh. 43Ceannófar tailte fós sa tír seo faoina n‑abrann tusa: Is talamh bánaithe í gan duine ná beithíoch; tugadh i láimh na gCaildéach í. 44Ceannóidh daoine garraithe ar airgead, déanfaidh siad amach cuntais, cuirfidh séala orthu agus glaofaidh ar fhinnéithe i dtír Bhiniáimin, sna ceantair timpeall Iarúsailéim, i mbailte Iúdá agus na sléibhte, sna hísleáin agus sa Neigib. Óir cuirfidh mé ar bun arís iad–is é an Tiarna a labhraíonn.’ ”
Currently Selected:
Irimia 32: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.