Ach féach, brostóidh mise chucu biseach agus leigheas; leigheasfaidh mé iad agus cuirfidh mé in aithne dóibh iomláine na síochána agus na sábháilteachta. Déanfaidh mé Iúdá agus Iarúsailéim a athnuachain agus atógfaidh mé iad mar a bhí siad an chéad uair.