Deotranaimí 6
6
1“Seo iad dá bhrí sin an aithne, na dlíthe, agus na reachtanna dʼaithin an Tiarna bhur nDia dom a mhúineadh daoibh i dtreo go gcomhlíonfadh sibh iad san fhearann dá dtéann sibh anonn chun a shealbhaithe. 2Má bhíonn eagla an Tiarna do Dhia ort, ar an gcuma sin, gach lá de do shaol, agus má choimeádann tú na dlíthe agus na nósanna go léir a leagaim ort, beidh fad saoil agat, agat féin agus ag do mhac agus ag mac do mhic. 3Éist mar sin a Iosrael agus féach chuige go gcuirfidh tú i ngníomh na nithe a chuirfidh conách agus rath go hiomarcach ort, faoi mar a gheall an Tiarna Dia do shinsear duit i dtír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.
4“Éist, a Iosrael: an Tiarna ár nDia, an t‑aon Tiarna. 5Gráigh an Tiarna do Dhia ó do chroí go hiomlán, ó do anam go hiomlán, agus ó do neart go hiomlán. 6Na briathra seo a ordaím duit inniu, bídís greanta ar do chroí. 7Déan iad a theagasc go dúthrachtach do do chlann, agus iad a aithris dóibh i do shuí i do theach duit, nó ag siúl na slí, nó i do luí nó ag éirí duit. 8Ceangail iad mar chomhartha ar do láimh, agus mar lann ar dʼéadan. 9Scríobh iad ar ursaineacha do thí agus ar do gheataí.
10“Nuair a thabharfaidh an Tiarna thú isteach sa tír a mhionnaigh sé do dʼaithreacha, dʼAbrahám, dʼÍosác agus do Iacób a thabharfadh sé daoibh, mar aon le cathracha móra maithe nach tú a thóg, 11agus tithe lán de ollmhaitheasaí de gach sórt nach tú a sholáthraigh, agus toibreacha doimhne nach tú a thochail, fíonghoirt agus crainn ola nach tú a phlandaigh–nuair a bheidh na nithe sin caite agat agus do sháith agat, 12seachain agus ná déan dearmad ar an Tiarna a thug thú amach as tír na hÉigipte agus as teach na daoirse. 13Bíodh eagla an Tiarna do Dhia ort, déan seirbhís dó agus mionnaigh dar a ainm.
14Ná lean déithe eile, déithe na ndaoine máguaird oraibh. 15Óir an Tiarna do Dhia a chónaíonn in bhur measc, is Dia éadmhar é; dʼfhéadfadh a fhearg lasadh i dʼaghaidh agus tú a scrios de chlár na cruinne. 16Ná déan promhadh ar an Tiarna bhur nDia, mar rinne sibh leis ag Masá. 17Coimeád le barr cúraim aitheanta an Tiarna bhur nDia, agus na reachtanna agus na dlíthe a dʼordaigh sé duit. 18Déan an chóir agus an mhaith i láthair an Tiarna i dtreo go rithfidh leat agus go rachaidh tú isteach agus seilbh a ghabháil ar an talamh fónta a mhionnaigh an Tiarna a thabharfaidh sé do dʼaithreacha, 19agus do naimhde go léir á dtiomáint amach aige romhat; sin mar a gheall an Tiarna.
20“Nuair a chuirfidh do mhac ceist ort san am atá le teacht: ‘Cad is ciall leis na haitheanta agus na dlíthe agus na reachtanna a dʼaithin an Tiarna ár nDia daoibh?’ 21abair le do mhac: ‘Ba dhaoir le Forann sinn tráth san Éigipt, agus thug an Tiarna amach as an Éigipt sinn le láimh láidir; 22agus thaispeáin an Tiarna comharthaí agus iontais mhóra uafara in aghaidh na hÉigipte agus Fhorainn agus a theaghlaigh go léir os comhair ár súl. 23Thug sé as siúd amach sinn dʼfhonn sinn a thabhairt isteach agus an tír a thabhairt dúinn, an tír a mhionnaigh sé a thabharfadh sé dár n‑aithreacha. 24Dʼaithin an Tiarna dúinn na dlíthe seo go léir a chomhlíonadh agus eagla an Tiarna ár nDia a bheith orainn, ar mhaithe linn féin i gcónaí, sa chaoi go gcoimeádfadh sé beo sinn mar a rinne go dtí an lá inniu féin. 25Sé is fíréantacht dúinn: na haitheanta seo uile a chomhlíonadh os comhair an Tiarna ár nDia faoi mar a dʼaithin sé dúinn.’
Currently Selected:
Deotranaimí 6: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.