“Nuair a thabharfaidh an Tiarna thú isteach sa tír a mhionnaigh sé do dʼaithreacha, dʼAbrahám, dʼÍosác agus do Iacób a thabharfadh sé daoibh, mar aon le cathracha móra maithe nach tú a thóg, agus tithe lán de ollmhaitheasaí de gach sórt nach tú a sholáthraigh, agus toibreacha doimhne nach tú a thochail, fíonghoirt agus crainn ola nach tú a phlandaigh–nuair a bheidh na nithe sin caite agat agus do sháith agat, seachain agus ná déan dearmad ar an Tiarna a thug thú amach as tír na hÉigipte agus as teach na daoirse.