Deotranaimí 7
7
Pobal ar Leith
1“Nuair a sheolfaidh an Tiarna do Dhia thú isteach sa tír ina bhfuil tú ag dul le seilbh a thógáil air, agus a scriosfaidh sé a lán ciníocha romhat, na Hitigh, na Giorgáisigh, na hAmóraigh, na Canánaigh, na Pirizigh, na Hivigh, na Iabúsaigh, seacht gcine is mó agus is treise ná sibh féin, 2agus nuair a dhéanfaidh an Tiarna do Dhia iad a thabhairt ar láimh duit, cloífidh tú iad. Ní foláir duit iad a chur faoi bhang, agus gan aon chonradh a dhéanamh leo, ná aon trócaire a dhéanamh orthu. 3Ná déan cleamhnas leo; ná tabhair iníon leat do mhac díobh, agus ná tóg iníon leo do mhac leat. 4Óir chlaonfaidís do mhac, ó bheith dom leanúint-sé, chun seirbhís do dhéithe eile; agus ansin lasfadh fearg an Tiarna i dʼaghaidh, agus scriosfadh sé thú ar an toirt. 5Ach seo í an íde a thabharfaidh sibh orthu: scartálaigí a n‑altóirí, agus brisigí a n‑íomhánna, agus gearraigí anuas a gcuaillí naofa agus cuirigí tine lena n‑íola snoite. 6Óir is pobal tú atá coisricthe don Tiarna do Dhia; is tú a thogh an Tiarna do Dhia as na ciníocha uile ar chlár na cruinne le bheith i do phobal ar leith aige féin.
7“Níor thug an Tiarna grá daoibh, ná níor thogh sé sibh de bhrí gur líonmhaire sibh ná pobal ar bith eile, óir ba sibh an pobal ba shuaraí de na pobail go léir. 8Is le barr a ghrá daoibh agus toisc go bhfuil an Tiarna ag comhlíonadh an mhionna a mhionnaigh sé do bhur n‑aithreacha, a thug an Tiarna amach sibh le láimh láidir agus a dʼfhuascail sé sibh ó theach na daoirse, agus ó chumhacht Fhorainn rí na hÉigipte. 9Bíodh a fhios agat dá bhrí sin gur Dia dáiríre an Tiarna do Dhia, Dia dílis a choimeádann a chonradh agus a bhuanghrá ar feadh míle glúin ina leith siúd a ghránn é agus a chomhlíonann a aitheanta, 10ach a agraíonn é lena mbéal ar lucht a fhuatha agus scriosann iad. Is beag an mhoill air an té a thugann fuath dó a scrios; agraíonn sé lena bhéal air é. 11Coimeád, dá bhrí sin, go beacht, na haitheanta agus na reachta agus na dlíthe a ordaímse duit inniu.
12“Éist leis na dlíthe seo agus bí dílis dóibh agus coimeád iad agus beidh an Tiarna, do Dhia, dílis don chonradh agus don bhuanghrá a mhionnaigh sé do dʼaithreacha. 13Tabharfaidh sé grá duit, beannacht duit agus méadóidh sé do líon. Cuirfidh sé a bheannacht ar thoradh do bhroinne agus ar thoradh do thalún–dʼarbhar, do fhíon, agus dʼola, an bhreis ar do tháin bó agus ar do thréad caorach, sa tír a mhionnaigh sé do do shinsir a thabharfadh sé duit. 14Beidh beannacht ort thar an uile phobal; ní bheidh fireann ná baineann aimrid i measc do mhuintire ná i measc do stoic. 15Coimeádfaidh an Tiarna gach galar i bhfad uait; ní chiapfaidh sé thú le haon cheann de phlánna urchóideacha na hÉigipte as eol duit, ach leagfaidh sé iad ar an dream ar fuath leo thú. 16Scrios dá bhrí sin na ciníocha go léir a chuirfidh an Tiarna faoi do láimh; ná bíodh trua ná taise agat dóibh; ná déan seirbhís dá ndéithe mar gur ghaiste duit sin.
Cumhacht an Tiarna
17“Má bhuaileann sé isteach i do chroí a rá: ‘Is líonmhaire na ciníocha seo ná mé; conas a chuirfinn as seilbh iad?’ 18ná bíodh eagla ort rompu, ach cuimhnigh cad a rinne an Tiarna do Dhia le Forann agus leis an Éigipt go léir, 19na cathuithe móra a chonaic tú le do shúile cinn, na comharthaí, na hiontais, an lámh láidir agus an ghéag ar tinneall lenar thug an Tiarna do Dhia amach thú; sin í an íde a thabharfaidh an Tiarna ar na ciníocha go léir a bhfuil eagla ort rompu. 20Mar bharr air sin seolfaidh an Tiarna cearnabháin ina measc chun an dream a fhanann i bhfolach uait a scrios. 21Ná bíodh aon eagla ort rompu, óir tá an Tiarna do Dhia in bhur measc, agus is mór agus is uafar an Dia é. 22Scriosfaidh an Tiarna do Dhia na ciníocha seo romhat de réir a chéile. Ní rithfidh leat iad a scrios dʼaon iarracht le heagla go n‑éireodh na hainmhithe allta rólíonmhar duit. 23Ach tabharfaidh an Tiarna do Dhia ar láimh duit iad, agus ciapfaidh sé iad nó go scriosfar iad. 24Tabharfaidh sé a ríthe ar láimh duit agus déanfaidh tú a n‑ainmneacha a scrios ó faoin spéir; fear ní fhéadfaidh seasamh i dʼaghaidh nó go mbeidh siad go léir scriosta agat. 25Loisc íomhánna snoite a ndéithe, gan dúil a chur san airgead ná san ór a chlúdaíonn iad, ná é bhreith leat duit féin le heagla go mba ghaiste duit é, óir is gráin leis an Tiarna do Dhia é. 26Ná tabhair aon ní gráiniúil isteach i do theach, nó tiocfaidh tú féin leis faoin mbang a dhála sin; bíodh fuath agus gráin agat dá leithéid óir tá sé faoi bhang.
Currently Selected:
Deotranaimí 7: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.