YouVersion Logo
Search Icon

Deotranaimí 5

5
Na Deich nAitheanta
1Thionóil Maois Iosrael go léir chuige agus dúirt leo: “A Iosrael, éist leis na dlíthe agus leis na reachtanna a labhraím in bhur gcomhchlos inniu. Foghlaimígí iad agus comhlíonaigí iad le barr cúraim. 2Rinne an Tiarna ár nDia conradh linn ar Shliabh Horaeb. 3Ní lenár n‑aithreacha a rinne an Tiarna an conradh seo, ach linne, sinne atá anseo beo gach duine againn anseo inniu. 4Labhair an Tiarna gnúis le gnúis libh ar an sliabh ó chroí na tine, 5agus sheas mise lena linn sin ar fad idir an Tiarna agus sibhse chun briathar an Tiarna a fhógairt daoibh, óir bhí eagla na tine oraibh, agus ní dheachaigh sibh suas faoin sliabh. Dúirt sé: 6‘Mise an Tiarna do Dhia a thug amach as tír na hÉigipte thú agus as teach na daoirse. 7Ná bíodh aon déithe eile agat i mo láthair. 8Ná déan duit féin aon íomhá ghreanta, ná cosúlacht aon ní dá bhfuil ar neamh thuas, ná ar talamh thíos, ná sna huiscí atá faoin talamh. 9Ná sléacht rompu agus ná déan iad a adhradh. Óir is Dia éadmhar mise, an Tiarna do Dhia, agus déanaim coir an athar a agairt ar an gclann mhac, agus ar chlann a chlainne go dtí an ceathrú glúin díobh siúd ar fuath leo mé, 10ach déanaim cineáltas buan leis na mílte díobh siúd a thugann grá dom agus a choimeádann mʼaitheanta. 11Ná luaigh ainm Dé le mí-úsáid a bhaint as. Óir an té a luafaidh ainm an Tiarna le mí-úsaid a bhaint as, ní fhágfaidh an Tiarna gan phionós é. 12Coimeád an tsabóid agus naomhaigh í, mar a dʼordaigh an Tiarna do Dhia duit. 13Caithfidh tú sé lá ag obair agus ag déanamh do shaothair go léir, 14ach an seachtú lá, is sabóid é don Tiarna do Dhia. An lá sin ná déan scaob oibre–tú féin, ná do mhac ná dʼiníon, ná do dhaor ná do dhaoirseach, ná do dhamh, ná do asal, ná aon cheann de do ainmhithe, ná an deoraí faoi do dhíon, i dtreo go mbeidh sos ag do dhaor agus ag do dhaoirseach do dhála féin. 15Cuimhnigh go raibh tú féin i do sheirbhíseach i dtír na hÉigipte agus go dtug an Tiarna do Dhia amach as siúd thú le láimh láidir agus le géag ar tinneall; uime sin dʼaithin an Tiarna do Dhia duit an tsabóid a choimeád. 16Tabhair do dʼathair agus do do mháthair onóir mar a dʼaithin an Tiarna do Dhia duit i dtreo go mba fhada iad do laethe agus go mbeadh an rath ort sa tír a thugann an Tiarna do Dhia duit. 17Ná déan marú. 18Ná déan adhaltranas. 19Ná déan goid. 20Ná tabhair fianaise bhréige in aghaidh do chomharsan. 21Ná santaigh bean do chomharsan; ná bí ag tnúth lena theach ná lena ghort, lena dhaor ná lena dhaoirseach, lena dhamh ná lena asal, ná le haon ní dá chuid.’
22“Sin iad na briathra a labhair an Tiarna libh go léir i gcomhthionól ag an sliabh; labhair sé libh de ghlór ard ó lar na tine, an néil, agus an dorchadais thiubh. Níor chuir sé aon rud eile leo, ach iad a scríobh síos ar dhá chlár chloiche agus thug dom iad.
Maois an tIdirghabhálaí
23“Nuair a chuala sibh an glór seo ag teacht as an dorchadas, agus an sliabh go léir trí thine, tháinig sibh chugam, ceannairí bhur dtreibheanna agus bhur seanóirí, 24agus dúirt sibh: ‘Féach, thaispeáin an Tiarna ár nDia a ghlóir dúinn agus a mhórgacht agus chualamar a ghlór ó chroí na tine. Chonaiceamar inniu gur féidir do Dhia, labhairt leis an duine, agus an duine a fhanacht beo. 25Cén fáth go bhfaighimis bás anois? Óir loiscfidh an tine mhór seo sinn; má chloisimid glór an Tiarna ár nDia an dara huair ní baol ná go dtitfidh an t‑anam asainn. 26Óir cén duine daonna den uile fheoil a chloisfeadh glor Dé bheo ag labhairt ó chroí na tine mar a rinneamar, agus a dʼfhéadfadh fanacht beo? 27Druidse leis, dá bhrí sin, agus éist lena bhfuil le rá ag an Tiarna ár nDia, agus inis dúinne gach a ndéarfaidh an Tiarna ár nDia leat; éistfimid leis agus déanfaimid dá réir.’ 28Chuala an Tiarna a ndúirt sibh liom, agus dúirt liom: ‘Chuala mé caint uile an phobail seo leat; is maith mar a dúradar gach a bhfuil ráite acu. 29Uch gan a gcroí a bheith mar sin i gcónaí, socair ar mʼeaglasa agus ar mʼaitheanta a choimeád, i dtreo go mbeadh an rath orthu féin agus ar a gclann go brách! 30Imigh leat agus abair leo: Filligí ar bhur mbothanna. 31Ach fansa anseo i do sheasamh taobh liom, agus inseoidh mé duit na haitheanta go léir agus na dlíthe agus na reachtanna go léir atá le teagasc agat dóibh, agus atá le comhlíonadh acu sa tír atá á thabhairt agam ina seilbh.’
Grá agus Dílseacht don Tiarna
32“Féachaigí chuige dá bhrí sin go ndéanfaidh sibh de réir mar a dʼaithin an Tiarna ár nDia daoibh. Ná claonaigí ar dheis na ar chlé ón gcosán. 33Cloígí leis an mbealach go léir a dʼaithin an Tiarna daoibh agus beidh an bheatha agaibh, agus beidh an rath oraibh, agus beidh fad saoil agaibh sa tír a bheidh in bhur seilbh.

Currently Selected:

Deotranaimí 5: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in