YouVersion Logo
Search Icon

2 Ríthe 2

2
Fágann Éilias Eilíseá mar Chomharba
1Seo mar a tharla nuair a rug an Tiarna Éilias suas ar neamh sa ghaoth ghuairneáin: Dʼimigh Éilias agus Eilíseá ó Ghilgeál 2agus dúirt Éilias le hEilíseá: “Fan anseo, le do thoil, a Eilíseá, mar nach bhfuil an Tiarna do mo chur ach go Béitéil.” Ach dʼfhreagair Eilíseá: “Dar an Tiarna beo, agus dar do bheo féin, ní fhágfaidh mé thú,” agus chuadar síos go Béitéil. 3Agus bráithreachas na bhfáithe i mBéitéil, thángadar amach go hEilíseá, agus dúradar leis: “An bhfuil a fhios agat go dtógfaidh an Tiarna do mháistir chun siúil ó do chúram inniu?” “Sea, tá a fhios agam,” ar sé. “Ceapaigí bhur suaimhneas.” 4Dúirt Éilias leis: “Fan anseo, a Eilíseá, le do thoil, mar nach bhfuil an Tiarna do mo chur ach go Ireachó.” Ach dʼfhreagair sé: “Dar an Tiarna beo, agus dar do bheo féin, ní fhágfaidh mé thú,” agus chuadar ar aghaidh go Ireachó. 5Agus bráithreachas na bhfáithe in Ireachó, thángadar go hEilíseá agus dúradar leis: “An bhfuil a fhios agat go dtógfaidh an Tiarna do mháistir chun siúil ó do chúram inniu?” “Sea, tá a fhios agam,” ar sé. “Ceapaigí bhur suaimhneas.” 6Dúirt Éilias le hEilíseá: “Fan anseo, le do thoil, a Eilíseá. Níl an Tiarna do mo chur ach go dtí an Iordáin.” Dʼfhreagair sé áfach: “Dar an Tiarna beo, agus dar do bheo féin, ní fhágfaidh mé thú.” Agus chuaigh an bheirt acu ar aghaidh le chéile.
7Bhí caoga duine de bhráithreachas na bhfáithe á leanúint, agus stad siad tamall maith uathu nuair a sheas an bheirt acu cois na Iordáine. 8Rug Éilias ar a fhallaing, chorn sé suas í agus bhuail sé an t‑uisce; scar an t‑uisce deas agus clé agus chuaigh an bheirt acu anonn de chosa tirime. 9Nuair a bhíodar ar an taobh thall, dúirt Éilias le hEilíseá: “Iarr cibé atá uait a dhéanfainn duit, sula mbaintear uait mé.” Dʼfhreagair Eilíseá: “Bíodh do spiorad faoi dhó mar oidhreacht agam, le do thoil.” 10“Is deacair dʼiarratas a thabhairt duit,” arsa Éilias. “Má fheiceann tú mé agus mé do mo thabhairt ar shiúl uait, beidh sé agat mar a dʼiarr tú; mura bhfeiceann, ní bheidh sé amhlaidh.” 11Le linn dóibh bheith ag siúl leo agus iad ag caint ar an mbealach, nocht carbad tintrí agus capaill tintrí, ag teacht eatarthu, agus chuaigh Éilias suas ar neamh sa ghaoth ghuairneáin. 12Chonaic Eilíseá sin agus scairt sé: “A athair, a athair liom! Carbad Iosrael agus a eachra!” Chaill sé radharc air ansin, agus rug sé ar a chuid éadaigh agus stróic sé ina dhá leath iad. 13Thóg sé suas fallaing Éilias a thit uaidh, chuaigh ar ais agus sheas ar bhruach na Iordáine.
14Rug sé greim ar fhallaing Éilias a thit uaidhsean agus bhuail sé an t‑uisce. “Cá bhfuil an Tiarna, Dia Éilias?” a scairt sé. Bhuail sé an t‑uisce agus scar an t‑uisce deas clé agus chuaigh Eilíseá anonn. 15Chonaic bráithreachas na bhfáithe (in Ireachó) uathu é, agus dúradar: “Tá spiorad Éilias luite ar Eilíseá,” agus thángadar ina araicis agus chromadar chun talún ina láthair. 16“Féach, tá caoga fear tréan i dteannta do shearbhóntaí anois,” ar siad leis; “lig dóibh imeacht, le do thoil, chun do mháistir a chuardach; bʼfhéidir gurb amhlaidh a dʼardaigh spiorad an Tiarna in airde leis é agus é a chaitheamh anuas ar chnoc éigin nó síos i ngleann éigin.” Ach dúirt sé: “Ná cuirigí aon duine uaibh.” 17Ach bhíodar ag tathant air gur chuireadar náire air nó go ndúirt sé: “Cuirigí.” Chuireadar caoga fear dá bhrí sin agus bhíodar á lorg ar feadh trí lá ach gan é a fháil. 18Ansin thángadar ar ais go hEilíseá a dʼfhan in Ireachó agus dúirt sé leo: “Nár dhúirt mé libh gan dul?”
Míorúiltí le hEilíseá
19Dúirt muintir na cathrach le hEilíseá: “Féach, is taitneamhach an ball í an chathair seo, mar is léir do mo thiarna, ach tá an t‑uisce bréan agus tá an ithir neamhthorthúil.” 20“Tugaigí crúiscín nua chugam,” ar sé, “agus cuirigí roinnt salainn ann.” Thugadar chuige é. 21Chuaigh sé ansin go súil an tobair agus chaith salann isteach inti, agus dúirt: “Mar seo a deir an Tiarna: ‘Rinne mé an t‑uisce seo glan; ní bheidh bás ná marbhghin as feasta.’ ” 22Dʼéirigh an t‑uisce folláin agus tá sé amhlaidh go dtí an lá inniu mar a dúirt Eilíseá a bheadh.
23Ghabh sé suas go Béitéil ón áit sin, agus fad a bhí sé ar an mbealach suas, tháinig buachaillí beaga amach as an gcathair agus bhíodar ag déanamh fonóid faoi á rá: “Suas leat, a phlaitínigh! Suas leat, a phlaitínigh!” 24Chas sé timpeall agus dʼfhéach orthu agus chuir mallacht orthu in ainm an Tiarna. Tháinig dhá bheithir bhaineanna amach as an gcoill agus stolladar beirt agus daichead de na buachaillí. 25Chuaigh sé as sin go Sliabh Chairmeil, agus dʼfhill ar ais as sin go dtí an tSamáir.

Currently Selected:

2 Ríthe 2: ABN

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in