1
2 Ríthe 2:9
An Bíobla Naofa 1981
ABN
Nuair a bhíodar ar an taobh thall, dúirt Éilias le hEilíseá: “Iarr cibé atá uait a dhéanfainn duit, sula mbaintear uait mé.” Dʼfhreagair Eilíseá: “Bíodh do spiorad faoi dhó mar oidhreacht agam, le do thoil.”
Compare
Explore 2 Ríthe 2:9
2
2 Ríthe 2:11
Le linn dóibh bheith ag siúl leo agus iad ag caint ar an mbealach, nocht carbad tintrí agus capaill tintrí, ag teacht eatarthu, agus chuaigh Éilias suas ar neamh sa ghaoth ghuairneáin.
Explore 2 Ríthe 2:11
3
2 Ríthe 2:10
“Is deacair dʼiarratas a thabhairt duit,” arsa Éilias. “Má fheiceann tú mé agus mé do mo thabhairt ar shiúl uait, beidh sé agat mar a dʼiarr tú; mura bhfeiceann, ní bheidh sé amhlaidh.”
Explore 2 Ríthe 2:10
4
2 Ríthe 2:14
Rug sé greim ar fhallaing Éilias a thit uaidhsean agus bhuail sé an t‑uisce. “Cá bhfuil an Tiarna, Dia Éilias?” a scairt sé. Bhuail sé an t‑uisce agus scar an t‑uisce deas clé agus chuaigh Eilíseá anonn.
Explore 2 Ríthe 2:14
5
2 Ríthe 2:12
Chonaic Eilíseá sin agus scairt sé: “A athair, a athair liom! Carbad Iosrael agus a eachra!” Chaill sé radharc air ansin, agus rug sé ar a chuid éadaigh agus stróic sé ina dhá leath iad.
Explore 2 Ríthe 2:12
6
2 Ríthe 2:8
Rug Éilias ar a fhallaing, chorn sé suas í agus bhuail sé an t‑uisce; scar an t‑uisce deas agus clé agus chuaigh an bheirt acu anonn de chosa tirime.
Explore 2 Ríthe 2:8
7
2 Ríthe 2:1
Seo mar a tharla nuair a rug an Tiarna Éilias suas ar neamh sa ghaoth ghuairneáin: Dʼimigh Éilias agus Eilíseá ó Ghilgeál
Explore 2 Ríthe 2:1
Home
Bible
Plans
Videos