2 Ríthe 3
3
Cogadh le Móáb
1Tháinig Iahórám mac Acháb i gcoróin ar Iosrael sa tSamáir san ochtú bliain déag de réimeas Iahóiseáfát, rí Iúdá, agus bhí sé dhá bhliain déag i réim. 2Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna, cé nach mar a rinne a athair agus a mháthair, mar chuir sé gallán Bhál a rinne a athair as an tslí. 3Lean sé áfach den pheaca inar threoraigh Iarobám mac Nabát pobal Iosrael, agus níor scar sé leis.
4Ba thógálaí caorach é Méisa rí Mhóáb agus dhíoladh sé céad míle uan agus an lomra ó chéad míle reithe le rí Iosrael mar cháin. 5Nuair a fuair Acháb bás, rinne rí Mhóáb ceannairc in aghaidh rí Iosrael. 6Ghluais Iahórám gan mhoill ón tSamáir amach agus thionóil sé Iosrael go léir. 7Ansin chuir sé scéala go dtí (Iahóiseáfát) rí Iúdá: “Tá ceannairc déanta ag rí Mhóáb i mʼaghaidh. An rachaidh tú liom chun cath a chur ar Mhóab?” “Déanfaidh mé,” dʼfhreagair sé; “táimse chomh hullamh leatsa, mo chuid fear le do chuidse, mʼeachra le dʼeachra.” 8Ansin dʼfiafraigh sé: “Cén bealach a ghabhfaimid?” Dʼfhreagair Iahórám: “Trí fhásach Eadóm.”
9Chuir siad chun bóthair dá bhrí sin, rí Iosrael, rí Iúdá, agus rí Eadóm. Ghabhadar timpeall mór ar feadh seacht lá go dtí nach raibh uisce fágtha do na saighdiúirí ná do na beithígh iompair a lean iad. 10Ansin dúirt rí Iosrael: “Mo léan, tá glaoite ag an Tiarna ar an triúr rí seo, lenár dtabhairt i láimh Mhóáb.” 11Ach dúirt rí Iúdá (Iahóiseáfát): “An bhfuil aon fháidh leis an Tiarna anseo trína bhféadfaimis dul i gcomhairle leis an Tiarna?” Dʼfhreagair duine de shearbhóntaí rí Iosrael: “Tá Eilíseá mac Sheáfat anseo, an té a scaoileadh an t‑uisce ar lámha Éilias.” 12Dúirt (Iahóiseáfát) [rí Iúdá]: “Tá briathar an Tiarna leis.” Ghabhadar síos chuige dá bhrí sin–rí Iosrael, (Iahóiseáfát) [rí Iosrael], agus rí Eadóm.
13Ansin dúirt Eilíseá le rí Iosrael: “Cén gnó atá agatsa liomsa? Téigh go fáithe dʼathar agus do mháthar.” Dʼfhreagair rí Iosrael: “Ní dhéanfaidh mé. Ghlaoigh an Tiarna ar an triúr ríthe seo, lenár dtabhairt i lámha Mhóáb.” 14Dʼfhreagair Eilíseá: “Dar Tiarna beo na Slua, an té dá bhfónaim, mura mbeadh go bhfuil urraim agam do Iahóiseáfát, rí Iúdá, ní thabharfainn aon aird ort ná fiú féachaint i do threo. 15Anois tabhair chugam ceoltóir.” Agus a luaithe a sheinn an ceoltóir, luigh lámh an Tiarna air, 16agus dúirt sé: “Mar seo a deir an Tiarna: ‘Déanfaidh mé díog ar dhíog den chom seo,’ 17mar deir an Tiarna: ‘Ní fheicfidh sibh gaoth ná báisteach, ach líonfar an com seo dʼuisce, agus ólfaidh sibh féin agus bhur saighdiúirí agus bhur mbeithígh iompair deoch as’.” 18Ach ní mór an ní is fiú an méid sin i súile an Tiarna, mar cuirfidh sé Móáb féin faoi bhur smacht. 19Gabhfaidh sibh gach cathair dhaingean (agus gach cathair thofa) de ruathar, leagfaidh sibh gach crann folláin, dúnfaidh sibh gach tobar fíoruisce, agus scriosfaidh sibh gach gort maith le clocha.” 20Maidin lá arna mhárach ag tráth íobartha na habhlainne, tháinig uisce ina dtreo ó Eadóm, agus líonadh an dúiche dʼuisce.
21Nuair a chuala Móáb go léir go raibh na ríthe tagtha aníos ag cur catha orthu, cuireadh tionól ar gach duine a bhí in ann arm a iompar idir óg is aosta, agus cuireadh in eagar catha iad ar an teorainn. 22Ar maidin, nuair a dʼéiríodar, bhí an ghrian ag taitneamh ar an uisce, agus thaibhsigh an t‑uisce dearg mar fhuil uathu do na Móábaigh. 23“Fuil é seo,” ar siad, “ní foláir nó gur throid na ríthe eatarthu féin agus gur mharaíodar a chéile. Ar aghaidh chun na creiche, a Mhóáb, más ea!” 24Ach nuair a shroich siad longfort Iosrael, dʼéirigh na hIosraelaigh ina gcoinne agus thug siad fogha faoi na Móábaigh agus theith siadsan rompu, agus (ag dul ar aghaidh dóibh) rinneadar ár agus eirleach ar na Móábaigh. 25Scartáil siad na cathracha agus chaith gach fear cloch isteach i ngach gort fónta á líonadh, agus dhúnadar gach tobar fíoruisce agus leagadar gach crann folláin. Chreachadar Móáb go dtí nach raibh fágtha i gCír Harasat ach na clocha agus rinne an lucht diúraicthe é a thimpeallú agus a ghabháil. 26Nuair a chonaic rí Mhóáb go raibh an cath á bhriseadh air, bhailigh sé seacht gcéad de lucht iompair claímh féachaint an bhféadfadh sé a bhealach a dhéanamh amach agus dul go rí [Arám], ach theip air. 27Ansin thóg sé an mac ba shine aige, a rídhamhna, agus dʼofráil é mar íobairt ar bhalla na cathrach. Bhuail taom tréan feirge iad in aghaidh Iosrael agus chúlaigh siadsan uaidh, agus dʼfhill siad ar a dtír féin.
Currently Selected:
2 Ríthe 3: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.