YouVersion Logo
Search Icon

2 Ríthe 1

1
Deireadh Saoil Éilias
1Tar éis bháis do Acháb, rinne Móáb ceannairc in aghaidh Iosrael. 2Thit Achaizíá ó áiléar a sheomra uachtair sa tSamáir agus leonadh é. Chuir sé teachtairí uaidh dá bhrí sin á rá leo: “Imígí agus téigí i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón, agus fiafraígí an dtiocfaidh mé chugam féin as mo bhreoiteacht.” 3Ach dúirt aingeal an Tiarna le hÉilias an Tisbíoch: “Bí i do shuí agus imigh i gcoinne teachtairí rí na Samáire, agus abair leo: ‘An ea nach bhfuil aon Dia in Iosrael a rá is go bhfuil sibh ag dul i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón?’ 4Mar seo a deir an Tiarna: ‘An leaba ina ndeachaigh tú a luí inti, ní éireoidh tú aisti; gheobhaidh tú bás go cinnte.’ ” Agus dʼimigh Éilias leis.
5Dʼfhill na teachtairí ar an rí, agus dúirt sé leo: “Cén fáth ar tháinig sibh ar ais?” 6“Tháinig fear inár gcoinne,” ar siad leis, “agus dúirt sé linn: ‘Téigí ar ais chun an rí a sheol uaidh sibh, agus abraigí leis: Mar seo a deir an Tiarna: An ea nach bhfuil aon Dia in Iosrael a rá is go bhfuil tú ag seoladh teachtairí le dul i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón. Ar an ábhar seo, an leaba ina ndeachaigh tú a luí inti, ní éireoidh tú aisti; gheobhaidh tú bás go cinnte.’ ” 7“An té seo a bhuail libh agus a dúirt an méid sin,” ar sé leo, “cén sórt duine é?” 8“Bhí fallaing róin á caitheamh aige, agus crios leathair ar a choim,” ar siad leis. “Ba é sin Éilias an Tisbíoch,” ar sé.
9Ansin chuir an rí ceannaire caogad lena chaoga fear chuige. Ghabh an ceannaire suas go hÉilias a bhí ina shuí ar mhullach cnoic, agus dúirt sé leis: “A ghiolla Dé, deir an rí ‘Tar anuas.’ ” 10Dʼfhreagair Éilias an ceannaire caogad: “Más giolla le Dia mé, go dtaga tine anuas ó neamh agus go scriosa sé thú féin agus do chaoga fear.” Ansin tháinig tine ó neamh agus scrios sé é féin agus a chaoga. 11Chuir an rí ceannaire eile caogad lena chaoga fear chuige, agus ghabh seisean suas chomh maith agus dúirt leis: “A ghiolla Dé, seo é ordú an rí: ‘Tar anuas gan mhoill.’ ” 12Dʼfhreagair Éilias iad: “Más giolla le Dia mé, go dtaga tine anuas ó neamh agus go scriosa sé thú féin agus do chaoga fear “Agus tháinig tine Dé anuas ó neamh agus scrios sé é féin agus a chaoga. 13Ansin chuir an rí an tríú ceannaire caogad lena chaoga. Agus ghabh an tríú ceannaire caogad suas agus chaith é féin ar a ghlúine os comhair Éilias agus dʼimpigh air á rá: “A ghiolla Dé, go raibh luach éigin i do shúilese ar mʼanamsa agus ar anam an chaoga searbhónta seo. 14Tháinig tine anuas ó neamh agus scrios sí an bheirt cheannaire caogad eile lena gcaogaidí; ach bíodh luach éigin ar mʼanamsa i do shúile.” 15Ansin dúirt aingeal an Tiarna le hÉilias: “Téigh síos leis, ná bíodh eagla ort roimhe.” Dʼéirigh sé dá bhrí sin agus ghabh síos go dtí an rí ina theannta, 16agus dúirt sé leis: “Seo mar a deir an Tiarna: ‘Dé bhrí gur chuir tú teachtairí le dul i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón–(an ea nach bhfuil aon Dia in Iosrael le dul i gcomhairle lena bhriathar?)–uime sin an leaba a ndeachaigh tú a luí inti, ní fhágfaidh tú í, ach gheobhaidh tú bás go cinnte.’ ”
17Agus fuair sé bás de réir bhriathar an Tiarna a labhair Éilias. De bhrí nach raibh aon mhac aige, tháinig Iahórám, [a dheartháir,] i gcoróin ina dhiaidh, sa dara bliain de réimeas Iahórám mac Iahóiseáfát rí Iúdá. 18An chuid eile de stair Achaizíá, a imeachtaí, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?

Currently Selected:

2 Ríthe 1: ABN

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in