Na Sailm 139
139
Salm 139.
Domine, probasti.
1A Ṫiarna, is tú a ṫoṁais mé agus a ċuir eolas orm: is feasaċ duit mo ṡuí agus mʼéirí; tuigeann tú mo smaointe i ḃfad roiṁ ré.
2Bíonn tú i dtimpeall mo ċosáin, agus i dtimpeall mo leapa: agus breaṫnaíonn tú mo ṡlite go huile.
3Óir níl focal dá mbíonn ar mo ṫeanga: naċ feasaċ duit é ar fad, a Ṫiarna.
4Ḋruid tú a ḃfuil i mo ḋiaiḋ agus roṁam: agus leag tú do láṁ orm.
5Is mór liom feaḃas agus oirirceas an eolais sin: téann sé ar fad ṫar mʼacṁainn.
6Cá raċaiḋ mé mar sin ó do spiorad: nó cá n‑imeoiḋ mé ó ḃeiṫ i do láṫair?
7Má ṫéim suas ċun neiṁe, bíonn tú ansin roṁam: má ṫéim síos go hifreann, bíonn tú roṁam ansin fós.
8Má ċuirim orm sciaṫáin na maidine: agus fanaċt sa ċearn is faide den ḟarraige;
9San áit sin féin beiḋ do láṁ do mo ṡeolaḋ: agus greim ag do láiṁ ḋeas orm.
10Má deirim, bʼḟéidir go ḃfolóiḋ an dorċadas mé: aṫrófar ansin oíċe ina lá.
11Is ea, ní dorċa leat an dorċadas, aċ bíonn an oíċe ċoṁ soiléir leis an lá: is cuma leat cé acu ina ḋorċadas nó ina ṡolas é.
12Óir is leat mo ḋuáin: is tú a ċuṁdaiġ mé i mbroinn mo ṁáṫar.
13Is leat a ṫaḃarfaiḋ mé buíoċas, mar is uafásaċ, iontaċ mar a rinneaḋ mé: is míorúilteaċ dʼoibreaċa, agus tá a ṡárḟios sin ag mʼanamsa.
14Níor ceileaḋ ort mo ċnáṁa: nuair a ḃítí do mo ḋéanaṁ os íseal, agus nuair a ḋéantaí mé in íoċtar an talaiṁ.
15Ċonaic do ṡúile mo ṁeall faoi anċuma: agus scríoḃaḋ mo ḃaill uile i do leaḃar.
16A ḃíoḋ á ndéanaṁ ó lá go lá: sular ṫáinig ann dóiḃ.
17Naċ mór liom do ċoṁairlí, a Ḋia: naċ áiḃéil a méid!
18Má ṫéim á gcoṁaireaṁ, ní lia gaineaṁ na trá ná iad: nuair a ḋúisím, bím i do láṫair.
19Naċ maróiḋ tú luċt an oilc, a Ḋia: imigí uaim, a luċt na fionaíle.
20Óir cuireann siad míċlú ort: agus tugann do naiṁde dʼAinm gan fáṫ.
21Naċ mbíonn fuaṫ agam, a Ṫiarna, don dream a ṫug fuaṫ duit: agus naċ mbíonn olc agam don luċt a ċuireas id aġaiḋ?
22Is dóiḃ a ṫug mé an duḃḟuaṫ: is é fuaṫ na naiṁde atá agam dóiḃ.
23Féaċ mé, a Ḋia, agus breaṫnaiġ an mianaċ atá i mo ċroí: proṁaiġ mé, agus scrúdaiġ mo smaointe.
24Aṁarc an ḃfuil aon tsliṫeantaċt ionam: agus bí do mo ṡeolaḋ ar ṡlí na síoraíoċta.
Currently Selected:
Na Sailm 139: OC1965G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965