Na Sailm 140
140
Salm 140.
Eripe me, Domine.
1Fuascail mé, a Ṫiarna, ó ḟear an oilc: agus cosain mé ó ḟear na nduáilcí.
2A ċumas urċóid ina gcroí: agus a ċuireas iaróg ina suí dá mbʼḟada an lá.
3Bíonn a dteanga bearrṫa acu mar ṫeanga péiste: bíonn niṁ na naṫraċ niṁe faoina mbéal.
4Bí do mo ċuṁdaċ, a Ṫiarna, ó láṁa luċt an oilc: cosain mé ó luċt na nduáilcí, ar rún leo cos i bpoll a ċur liom.
5Ċuir drong an díomais dol roṁam, agus spréadar amaċ líon faoi ṫéada: agus ċuireadar fós gaistí i mo ṡlí.
6Is é dúirt mé leis an Tiarna, Is tú mo Ḋia: éist le glór mʼurnaiṫe, a Ṫiarna.
7A Ṫiarna Dia, a ċuṁaċt mo ṡlánaiṫe: is tú a ċuṁdaiġ mo ċeann i lá an ċaṫa.
8Nár ḟaiġe fear an oilc a ṁian, a Ṫiarna: nár éirí lena ḋroċrún ṁailíseaċ, ionas naċ séidtear iad le huaḃar.
9Titeaḋ mailís a mbéal féin ina mullaċ féin: ar an dream a ḃíos do mo ṫimpeallú.
10Titeaḋ aiḃleoga dearga dóite orṫu: teilgtear iad amaċ sa tine, agus sa ṗoll, ionas naċ n‑éirí siad arís.
11Ní ḃeiḋ séan sa saol ar ḋuine ḃéalscaoilte: seilgfiḋ an t‑olc an duine urċóideaċ go dtuga sé anuas é.
12Níl aṁras orm naċ ndíoġalfaiḋ an Tiarna na boċta: agus naċ bpléifiḋ sé cúis na n‑éidreoraċ.
13Taḃarfaiḋ an fíréan fós buíoċas le dʼAinm: agus beiḋ an duine cóir go buan faoi aṁarc do ṡúl.
Currently Selected:
Na Sailm 140: OC1965G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965