Na Sailm 138
138
Salm 138.
Confitebor tibi.
1Taḃarfaiḋ mé buíoċas leat, a Ṫiarna, ó iomlán mo ċroí: seinnfiḋ mé do ṁolaḋ os coṁair na ndéiṫe.
2Aḋarfaiḋ mé i dtreo do ṫeampaill naofa, agus molfaiḋ mé dʼAinm, as uċt do ċarṫanaċta gráṁaire agus as uċt dʼḟírinne: óir dʼardaiġ tú dʼAinm, agus do ḃriaṫar, os cionn a ḃfuil ann.
3Nuair a ġlaoiġ mé ort, ṫug tú cluas dom: agus neartaiġ tú go mór le mʼanam.
4Beiḋ ríṫe an doṁain do do ṁolaḋ, a Ṫiarna: ó ċualadar briaṫra do ḃéil.
5Is é a ḃeas á ċanaḋ acu ar ṡlite an Tiarna: feaḃas glóire an Tiarna.
6Óir dá airde é an Tiarna, bíonn aird aige ar an drong úirísil: agus fanann sé fad a aṁairc ó ḋream an díomais.
7Siúd is go siúlaim i lár an ḃuarṫa, taḃarfaiḋ tú sólás dom: sínfiḋ tú do láṁ uait ar ṁire mo naiṁde, agus beiḋ do láṁ ḋeas do mo ṡlánú.
8Raċaiḋ an ċarṫanaċt ġráṁar a ḃíos ag an Tiarna dom i dtairḃe dom: is deiṁin go maireann do ṫrócaire, a Ṫiarna, go síoraí; nár ḃeag leat é a rinneaḋ le do láiṁ féin.
Currently Selected:
Na Sailm 138: OC1965G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965