YouVersion Logo
Search Icon

Rómhánach 14

14
1Glacaiḋ ċugaiḃ an duine atá laig‐ċreidṁeaċ, aċt naċ ċum ḃeiṫ ag breiṫ breiṫe ar ṫuairimiḃ. 2Creideann duine áiriṫe gur dleaġṫaċ an uile ḃiaḋ d’iṫe: aċt an duine atá lag, ní iṫeann sé aċt luiḃeanna. 3An té iṫeas ná bíoḋ dí‐ṁeas aige ar an té naċ n‐iṫeann; agus an té naċ n‐iṫeann ná bíoḋ sé ag breiṫ breiṫe ar an té iṫeas: óir atá glacṫa ag Dia leis. 4Cia h‐é ṫusa do‐ḃeir breiṫ ar ṡeirḃíseaċ duine eile? Is d’á ṫiġearna féin ṡeasas nó ṫuiteas sé; ’seaḋ, agus seasfaiḋ sé, óir is féidir do Ḋia a ċongḃáil ’n‐a ṡeasaṁ. 5Bíonn meas ag duine áiriṫe ar lá seaċas a ċéile: measann duine eile gur mar a ċéile gaċ uile lá. Bíoḋ gaċ duine lán‐dearḃṫa ’n‐a intinn féin. 6An té ḃreaṫnuiġeas an lá, is ar son an Tiġearna do‐ġní sé é; agus an té iṫeas, is ar son an Tiġearna iṫeas sé, mar ḃeireann sé buiḋeaċas do Dia; agus an té naċ n‐iṫeann, is ar son an Tiġearna naċ n‐iṫeann, agus ḃeireann seisean buiḋeaċas do Ḋia. 7Óir ní ḟuil duine againn ṁaireas dó féin. 8Óir má ṁairimíd, is do’n Tiġearna ṁairimíd; agus má éagaimíd, is do’n Tiġearna éagaimíd: d’á ḃriġ sin, is cuma cia aca ṁairimíd nó éagaimíd, is leis an Tiġearna sinn. 9Ċuige sin is eaḋ fuair Críost bás, agus d’aiséiriġ, ċum go mbéaḋ sé ’n‐a Ṫiġearna ar ḃeoḋaiḃ agus ar ṁarḃaiḃ. 10Aċt cad ċuige ḋuit‐se loċt d’ḟáġáil ar do ḃráṫair? nó cad ċuige ḋuit dí‐ṁeas do ċur ar do ḃráṫair? mar seasfaimíd uile os coṁair caṫaoireaċ breiṫeaṁnais Dé. 11Mar tá scríoḃṫa,
Mar ṁairim‐se, adeir an Tiġearna, feacfaiḋ gaċ uile ġlún róṁam,
Agus do‐ḃéarfaiḋ gaċ uile ṫeanga molaḋ do Ḋia.
12D’á ḃriġ sin ḃéarfaiḋ gaċ duine againn cunntas ’n‐a ṫaoḃ féin do Ḋia.
13Uime sin ná bímís ag breiṫ breiṫe ar a ċéile a ṫuilleaḋ; aċt ’n‐a ionad sin taḃraiḋ aire gan ceap tuisliḋ, ná aḋḃar tuitme do ċur i mbealaċ ḃur mbráṫar. 14Atá a ḟios agam, agus atáim dearḃṫa ḋe san Tiġearna Íosa, naċ ḃfuil rud ar biṫ neaṁ‐ġlan ann féin; aċt do’n té ṁeasas rud do ḃeiṫ neaṁ‐ġlan, go ḃfuil sé neaṁ‐ġlan dó‐san. 15Aċt má ḃíonn doilġeas ar do ḃráṫair mar ġeall ar an mbiaḋ iṫeas tú, ní de réir gráḋa atáir‐se ag siuḃal. Ná cuir i mbealaċ a ḃascṫa led’ ḃiaḋ an duine go ḃfuair Críost bás ar a ṡon. 16D’á ḃriġ sin ná bíoḋ ḃur maiṫeas ’n‐a aḋḃar mío‐ċlú: 17óir ní biaḋ agus ól ríoġaċt Dé, aċt fíréantaċt, agus síoṫċáin, agus áṫas san Spiorad Naoṁ. 18Óir an té do‐ġní seirḃís do Ċríost ar an gcuma sin, do‐ḃeir Dia taiṫneaṁ ḋó, águs bíonn urraim ag daoiniḃ ḋó. 19Uime sin leanaimís na neiṫe ḃaineas le síoṫċáin, agus na neiṫe le n‐ar féidir linn deaġ‐ṫréiṫe a ċéile do ṁéadú. 20Ná cuir obair Dé amuġa mar ġeall ar ḃiaḋ. Is fíor go ḃfuil an uile niḋ glan, aċt is olc do’n duine an niḋ iṫeas sé ḃeiṫ ’n‐a aḋḃar tuisliḋ. 21Is é is ceart gan feoil d’iṫe, ná rud ar biṫ do ḋéanaṁ do ḃéaḋ ’n‐a ṫrúig tuisliḋ dod’ ḃráṫair. 22An creideaṁ sin atá agat, bíoḋ sé agat féin i ḃfiaḋnaise Dé. Is aoiḃinn do’n té naċ mbeireann breiṫ air féin san méid ċeaduiġeas sé. 23Aċt an té atá i n‐aṁras cionntuiġtear é má iṫeann sé, de ḃriġ naċ ó ċreideaṁ é; agus rud ar biṫ naċ ḃfuil bun creidiṁ faoi, is peacaḋ é.

Currently Selected:

Rómhánach 14: JOYNTG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in