Rómhánach 13
13
1Bíoḋ gaċ duine uṁal do luċt árd‐uġdaráis: óir ní ḟuil uġdarás ann naċ ó Ḋia ṫáinig sé; agus ba é Dia do ċuir ar bun iad‐san atá ann. 2D’á ḃriġ sin, cibé duine ċuireas i n‐aġaiḋ an uġdaráis, is ag cur i n‐aġaiḋ órduiġṫe Dé atá sé: agus na daoine ċuireas ’n‐a aġaiḋ, glacfaiḋ siad daoraḋ ċuca féin. 3Óir ní baoġal ar biṫ do luċt an déiġ‐ġníṁ na riaġlóirí, aċt do luċt an droċ‐ġníṁ. Arḃ ṁian leat ḃeiṫ gan eagla roiṁ an duine uġdarásaċ? déan an déiġ‐ġníoṁ, agus do‐ġeoḃaiḋ tú molad d’á ċionn; 4óir is seirḃíseaċ Dé ċum do leasa é. Aċt má ġníonn tú an t‐olc, bíoḋ eagla ort; óir ní i n‐aisce iomċaras sé an claiḋeaṁ: óir is seirḃíseaċ Dé é ċum díoġaltas d’agairt ar an té ċleaċtas an t‐olc. 5Uime sin ní foláir ḋuit ḃeiṫ uṁal, ní h‐é ar son na díḃeirge aṁáin, aċt ar son coinsiais. 6Ar an aḋḃar sin is eaḋ íocas siḃ cáineaċa, óir is iad na h‐oifigí seirḃísiġ Dé, agus is leis an ngnó so go díreaċ do‐ġní siad a ndíċeall i gcóṁnaiḋe. 7Taḃraiḋ a ċeart féin do’n uile ḋuine: cáin do’n té d’ar dual cáin; cíos do’n té d’ar dual cíos; ómós do’n té d’ar dual ómós; ónóir do’n té d’ar dual onóir.
8Ná bíoḋ fiaċa ag aon duine oraiḃ, aċt aṁáin an gráḋ is ceart ḃeiṫ agaiḃ d’á ċéile: óir an té go ḃfuil gráḋ d’á ċóṁarsain aige, tá an dliġe cóiṁlíonta aige. 9Óir na h‐aiṫeanta so, Ná déan aḋaltrannas, Ná déan goid, Ná déan sainnt, agus gaċ aiṫne eile, atáid uile cóṁairiṁṫe fá ḃriġ an ḃriaṫair seo, Gráḋóċair do ċóṁarsa mar gráḋuiġir ṫú féin. 10Ní ḋéanann an gráḋ olc do’n ċóṁarsain: d’á ḃriġ sin is é an gráḋ cóiṁlíonaḋ an dliġe.
11Agus is eol daoiḃ an aimsear atá ann fá láṫair, gur miṫid dúinn dúiseaċt ó’n suan: óir atá an slánuġaḋ níos giorra ḋúinn ’ná ḃí nuair ċreideamar ar dtús. 12Atá an oiḋċe imṫiġṫe, naċ mór, atá an lá ċugainn: cuirimís dínn gníoṁarṫa an dorċadais, agus cuirimís umainn éide an tsolais. 13Siuḃlaimís go cneasta mar ḃéaḋ an lá ann; ní h‐é le ragairne agus le meisce, ní h‐é le drúis agus le h‐ainṁiantaiḃ, ná le bruiġin agus le formad. 14Aċt cuiriḋ umaiḃ an Tiġearna Íosa Críost, agus ná sanntuiġiḋ mianta na colna, ċum go ngéillfeaḋ siḃ dóiḃ.
Currently Selected:
Rómhánach 13: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.