1
Rómhánach 14:17-18
Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)
JOYNTG
óir ní biaḋ agus ól ríoġaċt Dé, aċt fíréantaċt, agus síoṫċáin, agus áṫas san Spiorad Naoṁ. Óir an té do‐ġní seirḃís do Ċríost ar an gcuma sin, do‐ḃeir Dia taiṫneaṁ ḋó, águs bíonn urraim ag daoiniḃ ḋó.
Compare
Explore Rómhánach 14:17-18
2
Rómhánach 14:8
Óir má ṁairimíd, is do’n Tiġearna ṁairimíd; agus má éagaimíd, is do’n Tiġearna éagaimíd: d’á ḃriġ sin, is cuma cia aca ṁairimíd nó éagaimíd, is leis an Tiġearna sinn.
Explore Rómhánach 14:8
3
Rómhánach 14:19
Uime sin leanaimís na neiṫe ḃaineas le síoṫċáin, agus na neiṫe le n‐ar féidir linn deaġ‐ṫréiṫe a ċéile do ṁéadú.
Explore Rómhánach 14:19
4
Rómhánach 14:13
Uime sin ná bímís ag breiṫ breiṫe ar a ċéile a ṫuilleaḋ; aċt ’n‐a ionad sin taḃraiḋ aire gan ceap tuisliḋ, ná aḋḃar tuitme do ċur i mbealaċ ḃur mbráṫar.
Explore Rómhánach 14:13
5
Rómhánach 14:11-12
Mar tá scríoḃṫa, Mar ṁairim‐se, adeir an Tiġearna, feacfaiḋ gaċ uile ġlún róṁam, Agus do‐ḃéarfaiḋ gaċ uile ṫeanga molaḋ do Ḋia. D’á ḃriġ sin ḃéarfaiḋ gaċ duine againn cunntas ’n‐a ṫaoḃ féin do Ḋia.
Explore Rómhánach 14:11-12
6
Rómhánach 14:1
Glacaiḋ ċugaiḃ an duine atá laig‐ċreidṁeaċ, aċt naċ ċum ḃeiṫ ag breiṫ breiṫe ar ṫuairimiḃ.
Explore Rómhánach 14:1
7
Rómhánach 14:4
Cia h‐é ṫusa do‐ḃeir breiṫ ar ṡeirḃíseaċ duine eile? Is d’á ṫiġearna féin ṡeasas nó ṫuiteas sé; ’seaḋ, agus seasfaiḋ sé, óir is féidir do Ḋia a ċongḃáil ’n‐a ṡeasaṁ.
Explore Rómhánach 14:4