YouVersion Logo
Search Icon

Rómhánach 15

15
1Is dual dúinne atá láidir dul i dtaca le h‐anḃfainne na ndaoine atá lag, gan ḃeiṫ ag lorg ár n‐aoiḃneasa féin. 2Déanaḋ gaċ duine agaiḃ aoiḃneas a ċóṁarsan ċum a leasa agus ċum a neartuiġṫe. 3Óir níorḃ é a aoiḃneas féin do loirg Críost; aċt do réir mar tá scríoḃṫa, Maslaḋ an dreama do ṁasluiġ ṫusa, is orm‐sa do luiġ sé. 4Óir gaċ ar scríoḃaḋ roiṁe seo do scríoḃaḋ iad ċum teagasc do ṫaḃairt dúinn, ionnas go mbéaḋ dóċas againn tré ḟoiġid agus tré ṡólás na scrioptúir. 5Anois go dtugaiḋ Dia na foiġde agus an tsóláis daoiḃ ḃeiṫ ar aon intinn le ċéile, do réir Íosa Críost: 6ar ṁoḋ go mbéiḋ siḃ, ar aon ċroiḋe, ar aon ḃéal ag molaḋ Dé, Aṫair ár dTiġearna Íosa Críost. 7Uime sin gaḃaiḋ ċugaiḃ a ċéile, do réir mar ġaḃ Críost siḃ‐se, ċum glóire Dé. 8Óir adeirim go raiḃ Íosa Críost ’n‐a ṡeirḃíseaċ ag luċt an timċeall‐ġearrṫa, ċum fírinne Dé do ċruṫú, ċum go ndaingneoċaḋ sé na geallaṁnaċa tugaḋ do na sinnsearaiḃ, 9agus go dtiuḃraḋ na Cineaḋaiġ glóir do Ḋia ar son a ṫrócaire: mar atá scríoḃṫa,
D’á ḃriġ sin molfad i measc na gCineaḋaċ ṫú,
Agus seinnfead dot’ ainm.
10Agus adeir sé arís,
Déanaiḋ gáirdeaċas, a Ċineaḋaċa, mar aon le n‐a ṗobal‐san.
11Agus arís,
Molaiḋ an Tiġearna, a Ċineaḋaċa go léir,
Agus go molaiḋ an pobal uile é.
12Agus arís, adeir Ésáias,
Béiḋ fréaṁ Iesse ann,
Agus an té éireoċas ċum na Cineaḋaiġ do riaġlú,
Is as ċuirfeas na Cineaḋaiġ a ndóċas.
13Anois go líonaiḋ Dia an dóċais siḃ de gaċ áṫas agus de gaċ síoṫċáin san gcreideaṁ, ċum go mbéiḋ siḃ féin lán de ḋóċas, tré ċumaċt an Spioraid Naoiṁ.
14Atáim féin dearḃṫa ’n‐ḃur dtaoḃ‐sa, a ḃráiṫre, go ḃfuil siḃ féin lán de ṁaiṫeas, agus go ḃfuil siḃ líonta de gaċ eolas, agus go ḃfuil ar ċumas daoiḃ teagasc do ṫaḃairt d’á ċéile. 15Aċt ba dánaiġe‐de mé ag scríoḃaḋ ċugaiḃ, mar ḃéinn ag brostú ḃur gcuiṁne, 16an grás ó Ḋia tugaḋ ḋom, go mbéinn im’ ṁinistir ag Íosa Críost ċum na gCineaḋaċ, ag miniostrálaċt soiscéil Dé, ċum go mbéaḋ na Cineaḋaiġ ’n‐a n‐íoḋbairt ṫaiṫneaṁaiġ, agus naoṁuiġṫe ṫríd an Spiorad Naoṁ. 17Uime sin atá cúis mórtais agam i nÍosa Críost san méid ḃaineas le Dia. 18Óir ní leoṁfad laḃairt aċt ar na neiṫiḃ do‐rinne Críost ṫríom‐sa, ċum na Cineaḋaiġ do ḋéanaṁ uṁal, le briaṫraiḃ agus le gníoṁarṫaiḃ, tré ċumas mór‐ċóṁarṫaí agus iongantaisí, 19tré ḃriġ an Spioraid Naoiṁ; ar ċuma gur ċraoḃscaoileas soiscéal Ċríost ’n‐a iomláine ó Iarúsalem, agus ṫart ’n‐a ṫimċeall ċóṁ fada le h‐Illiricum; 20agus gur ċuireas róṁam gan an soiscéal do ċraoḃscaoileaḋ i n‐áit ’n‐ar h‐ainmniġeaḋ Críost ċeana, ar eagla ḃeiṫ ag tógáil ar ḃun do ċuir daoine eile: 21aċt mar atá scríoḃṫa,
Ċífiḋ siad‐san naċ dtáinig a ṫuairisc ċuca,
Agus tuigfiḋ siad‐san naċ gcuala.
22Is ar an aḋḃar sin do bacaḋ mé go minic gan ḃeiṫ ar ċumas dom teaċt ċugaiḃ: 23aċt anois, ó ṫárla gan ionad eile ḃeiṫ agam ins na críoċaiḃ seo, agus ó ṫárla go ḃfuil fonn orm le bliaḋantaiḃ fada teaċt ċugaiḃ, 24nuair ḃéiḋead ag triall ar an Spáinn (óir atá súil agam go ḃfeicfead ar an mbealaċ dom siḃ, agus go seolfaiḋ siḃ ar aġaiḋ mé, tar a éis dom mo ṡásaṁ le tamall ’n‐ḃur gcuideaċtain) — 25aċt anois is ag triall ar Iarúsalem atáim, ag freastal ar na naoṁaiḃ. 26Óir ba toil le muinntir na Maiceadóine agus na Gréige cóṁ‐roinn do ḋéanaṁ leis na boċtaiḃ atá i measc na naoṁ i nIarúsalem. 27Do ḃí fonn mór orṫa é sin do ḋéanaṁ, mar ḃíodar i ḃfiaċaiḃ aca. Óir má ḃí na Cineaḋaiġ rannṗáirteaċ leo i neiṫiḃ spioradálta, ba ċeart dóiḃ caḃrú leo i neiṫiḃ saoġalta. 28Mar sin de, ċóṁ luaṫ is ḃéas sin déanta agam, agus na bronntanais sin taḃarṫa agam dóiḃ, tiocfaiḋ mé ċugaiḃ san tsliġe ḋom fá ḋéin na Spáinne. 29Agus nuair ṫiocfad, atáim cinnte go dtiocfad le lán‐ḃeannaċt Ċríost.
30Anois, a ḃráiṫre, impiḋim oraiḃ, i n‐ainm ár dTiġearna Íosa Críost, agus as uċt gráḋa an Spioraid, cuidiú liom‐sa ag guiḋe ċum Dé ar mo ṡon; 31ċum go saorfar mé ó’n dream i nIúdaea atá dí‐ċreidṁeaċ, agus ċum go dtaiṫneoċaiḋ mo ṡeirḃís do Iarúsalem leis na naoṁaiḃ; 32ċum go dtiocfad ċugaiḃ le h‐áṫas, de ḋeoin Dé, agus go ḃfaiġead suaiṁneas mar aon liḃ. 33Anois, go raiḃ Dia na síoṫċána agaiḃ go léir. Amén.

Currently Selected:

Rómhánach 15: JOYNTG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in