Taisbeanádh 9
9
1Agus do ṡéid an cúigeaḋ h‐aingeal, agus do ċonnacas réalta do ṫuit ó neaṁ anuas ar an talaṁ: 2agus tugaḋ ḋó eoċair puill an duiḃeagáin. Agus d’ḟoscail sé poll an duiḃeagáin; agus d’éiriġ deataċ ó’n bpoll, mar ḋeataċ fóirnéise móire; agus do ḋorċuiġ an ġrian agus an t‐aer le deataċ an ṗuill. 3Agus ṫáinig lócaistí amaċ ó’n deataċ ar an talaṁ; agus tugaḋ cuṁaċt dóiḃ, ar nós na cuṁaċta atá ag scoirpiúnaiḃ na talṁan. 4Agus aduḃraḋ leo gan doċar do ḋéanaṁ d’ḟéar na talṁan, ná d’aon niḋ glas, ná d’aon ċrann, aċt do na daoiniḃ aṁáin naċ ḃfuil séala Dé ar ċláraiḃ a n‐éadan. 5Agus tugaḋ de ċuṁaċt dóiḃ, ní h‐é iad do ṁarḃaḋ, aċt iad do ċiapaḋ ar feaḋ cúig ṁí: agus an ṗian do rinneadar, ḃí sí cosṁail leis an bpéin do‐ġní scoirpiún ag cur a ġaoi i nduine ḋó. 6Agus ins na laeṫiḃ sin béiḋ na daoine d’iarraiḋ bás d’ḟáġáil, agus ní ḃfaiġiḋ siad é; agus béiḋ siad ag súil le bás d’ḟáġáil, agus teiċfiḋ an bás uaṫa. 7Agus do ḃí na lócaistí cosṁail le h‐eaċaiḃ gléasta ċum cogaiḋ; agus do ḃí ar a gceannaiḃ mar ḃéaḋ coróineaċa óir, agus do ḃí a n‐aiġṫe cosṁail le h‐aiġṫiḃ daoine. 8Agus do ḃí gruaig aca mar ġruaig na mban, agus do ḃí a ḃfiacla cosṁail le fiaclaiḃ na leoṁan. 9Do ḃí uċt‐ċláir orṫa do ḃí cosṁail le h‐uċt‐ċláraiḃ iarainn; agus do ḃí fuaim a sciaṫán cosṁail le fuaim carbad fá n‐a lán capall ag riṫ ċum caṫa. 10Do ḃi earbaill do ḃí cosṁail le scoirpiúnaiḃ, agus gaṫa aca; agus is ins na h‐earballaiḃ atá a gcuṁaċt ċum ḃeiṫ ag gortú daoine ar feaḋ cúig ṁí. 11Atá aingeal an duiḃeagáin mar riġ os a gcionn. Abaddón is ainm dó i nEaḃrais, agus tugtar Apóilleon mar ainm air i nGréigis.
12Atá an ċéad ṁairg ṫart: féaċ, atá ḋá ṁairg eile le teaċt fós.
13Agus do ṡéid an séaṁaḋ h‐aingeal, agus do ċualas an glór ag teaċt ó aḋarcaiḃ na h‐altóra óir atá os cóṁair Dé, 14g‐á ráḋ leis an séaṁaḋ h‐aingeal ag a raiḃ an stoc, Scaoil na ceiṫre h‐aingle atá fá ċeangail ag an aḃainn ṁóir, Eúfrátes. 15Agus do scaoileaḋ na ceiṫre h‐aingle do ḃí ullṁuiġṫe fá ċóṁair na h‐uaire, agus an lae, agus na míosa, agus na bliaḋna, ċum an treas cuid de na daoiniḃ do ṁarḃaḋ. 16Agus dob’ é áireaṁ marc‐ṡluaiġ an airm fiċe míle fó ḋeiċ mílte: óir do ċualas a n‐áireaṁ. 17Agus is mar seo do ċonnacas na h‐eiċ san taiḋḃreaṁ, agus na marcaiġ do ḃí ar muin orṫa, uċt‐ċláir ar ḋaṫ teineaḋ agus fuaṫa muice agus ruiḃe orṫa: agus atá cinn na n‐eaċ cosṁail le ceannaiḃ leoṁan; agus ṫáinig teine agus deataċ agus ruiḃ as a mbéalaiḃ amaċ. 18Is leis na trí pláiġeannaiḃ seo, leis an teiniḋ, agus leis an deataċ, agus leis an ruiḃ ṫáinig as a mbéalaiḃ, do marḃaḋ an treas cuid de na daoiniḃ. 19Óir is ’n‐a mbéalaiḃ agus ’n‐a h‐earballaiḃ atá cuṁaċt na n‐eaċ: óir atá a n‐earbaill cosṁail le naṫraċaiḃ niṁe, agus atá cinn orṫa; agus is leo‐san do‐ġní siad an doċar. 20Agus an ċuid eile de na daoiniḃ do fágáḋ gan marḃaḋ leis na pláiġiḃ seo, ní ḋearnadar aiṫriġe i h‐oibreaċaiḃ a láṁ, ċum naċ ndéanfaidís aḋraḋ d’íoḋalaiḃ óir, agus airgid, agus práis, agus cloiċe, agus aḋmaid: atá gan raḋarc, gan éisteaċt, gan neart siuḃail: 21agus ní ḋearnadar aiṫriġe ’n‐a ndúnṁarḃṫaiḃ, ná ’n‐a bpisreogaiḃ, ná ’n‐a striapaċas, ná ’n‐a ngadaiḋeaċt.
Currently Selected:
Taisbeanádh 9: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.