Agus an ċuid eile de na daoiniḃ do fágáḋ gan marḃaḋ leis na pláiġiḃ seo, ní ḋearnadar aiṫriġe i h‐oibreaċaiḃ a láṁ, ċum naċ ndéanfaidís aḋraḋ d’íoḋalaiḃ óir, agus airgid, agus práis, agus cloiċe, agus aḋmaid: atá gan raḋarc, gan éisteaċt, gan neart siuḃail: agus ní ḋearnadar aiṫriġe ’n‐a ndúnṁarḃṫaiḃ, ná ’n‐a bpisreogaiḃ, ná ’n‐a striapaċas, ná ’n‐a ngadaiḋeaċt.