Bible App logo
Search Icon

Taisbeanádh 8

8
1Agus nuair d’ḟoscail sé an seaċtṁaḋ séala, do ḃí tost ar neaṁ tuairim is leaṫuair. 2Agus do ċonnacas na seaċt n‐aingle ḃíos ’n‐a seasaṁ i ḃfiaḋnaise Dé; agus tugaḋ seaċt stuic dóiḃ.
3Agus ṫáinig aingeal eile agus do ṡeasuiġ sé os cóṁair na h‐altóra, agus túiseoir óir aige, agus tugaḋ a lán túise ḋó, ċum go gcuirfeaḋ sé ar an altóir óir do ḃí os cóṁair na riġ‐ċaṫaoireaċ í, maille le h‐urnaiġṫiḃ na naoṁ. 4Agus do ċuaiḋ deataċ na túise, maille le h‐urnaiġṫiḃ na naoṁ uile, suas ó láiṁ an aingil os cóṁair Dé. 5Agus do ġlac an t‐aingeal an túiseoir, agus do líon sé de ṫeiniḋ na h‐altóra é, agus do ċaiṫ sé ar an talaṁ í: agus d’éiriġ tóirneaċa, agus glórṫa, agus lasraċa, agus crioṫ talṁan ’na ḋiaiḋ.
6Agus na seaċt n‐aingle go raiḃ na seaċt stuic aca, d’ullṁuiġeadar ċum iad do ṡéideaḋ.
7Agus do ṡéid an ċéad aingeal, agus ṫáinig cloiċ‐ṡneaċta agus teine, meascṫa le fuil, ’n‐a ḋiaiḋ, agus do caiṫeaḋ iad ar an talaṁ: agus do dóiġeaḋ an treas cuid de’n talaṁ, agus do dóiġeaḋ an treas cuid de na crannaiḃ, agus do dóiġeaḋ an féar glas go h‐uile.
8Agus do ṡéid an dara h‐aingeal, agus do teilgeaḋ mar ḃéaḋ cnoc mór d’á loscaḋ le teiniḋ isteaċ san ḃfairrge: agus do rinneaḋ fuil de’n treas cuid de’n ḟairrge: 9agus d’éag an treas cuid de na rudaiḃ beo do ḃí san ḃfairrge, agus do scriosaḋ an treas cuid de na longaiḃ.
10Agus do ṡéid an treas aingeal, agus do ṫuit réalta ṁór ó neaṁ anuas, agus í ar dearg‐lasaḋ aṁail tóirse, agus do ṫuit sí ar an treas cuid de na h‐aiḃniḃ, agus ar ṫoibreaċaiḃ an uisce: 11agus is é ainm na réaltan Mormónta: agus do rinneaḋ mormónta de’n treas cuid de na h‐uisciḃ; agus d’éag a lán daoine de ḋeascaiḃ na n‐uiscí, toisc iad d’éirġe searḃ.
12Agus do ṡéid an ceaṫraṁaḋ h‐aingeal, agus do buaileaḋ an treas cuid de’n ġréin, agus an treas cuid de’n ġealaiġ, agus an treas cuid de na réaltanaiḃ; ċum go n‐éireoċaḋ an treas cuid díoḃ dorċa, agus go gcaillfeaḋ an lá an treas cuid d’á ṡolas, agus an oiḋċe mar an gcéadna.
13Agus do ḋearcas, agus do ċualas iolar aonair ar eiteall i lár na spéire, g‐á ráḋ de ġuṫ árd, Mairg, mairg, mairg, do luċt áitreaḃa na talṁan, mar ġeall ar ġlórṫaiḃ eile na stoc atá le séideaḋ fós ag na trí h‐aingliḃ.

Currently Selected:

Taisbeanádh 8: JOYNTG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in