Taisbeanádh 10
10
1Agus do ċonnacas aingeal tréan eile ag teaċt anuas ó neaṁ, néall mar ċlúdaċ air, agus boġa ceaṫa os a ċionn, agus do ḃí a ġnúis cosṁail leis an ngréin, agus ḃí a ċosa cosṁail le colaṁnaiḃ téineaḋ; 2agus do ḃí leaḃar beag ar ḟoscailt ’n‐a láiṁ aige: agus do ċuir sé a leaṫ‐ċos ḋeas ar an ḃfairrge, 3agus a leaṫ‐ċos ċlé ar an talaṁ; agus do ġlaoḋ sé de ġuṫ árd mar ḃéiceas leoṁan: agus nuair do ġlaoḋ, do laḃair glórṫaí na seaċt dtóirneaċa. 4Agus nuair do laḃair na seaċt dtóirneaċa, do ḃíos ar tí scríoḃaḋ, agus do ċualas an glór ó neaṁ aduḃairt, Cuir séala ar na neiṫiḃ aduḃairt na seaċt dtóirneaċa, agus ná scríoḃ iad. 5Agus an t‐aingeal do ċonnacas ’n‐a ṡeasaṁ ar an ḃfairrge agus ar an talaṁ, do ṫóg sé a láṁ ḋeas suas ċum neiṁe, 6agus do ḋearḃuiġ sé ar an té ṁaireas go saoġal na saoġal, an té do ċruṫuiġ neaṁ agus a ḃfuil ann, agus an talaṁ agus a ḃfuil ann, agus an ḟairrge agus a ḃfuil innti, 7naċ mbéiḋ tuilleaḋ moille: aċt i laeṫiḃ glóir an seaċtṁaḋ h‐aingil, nuair ṫosnuiġeas sé ar ṡéideaḋ, annsin is eaḋ cóiṁlionfar rúindiaṁair Dé, do réir mar d’ḟoillsiġ sé d’á ṡeirḃíseaċaiḃ, na fáiḋe é. 8Agus an glór do ċualas ag laḃairt ó neaṁ, do laḃair sé liom arís, agus aduḃairt, Imṫiġ, glac an leaḃar atá ar ḟoscailt i láiṁ an aingil atá ’n‐a ṡeasaṁ ar an ḃfairrge agus ar an talaṁ. 9Agus do ċuaḋas ċum an aingil, agus d’iarras air an leaḃar beag do ṫaḃairt dom. Agus aduḃairt seisean liom, Glac agus sluig siar é; déanfaiḋ sé do ḃolg searḃ, aċt béiḋ sé ċóṁ milis le mil id’ ḃéal. 10Agus do ġlacas an leaḃar beag as láiṁ an aingil, agus do ṡluigeas siar é; agus do ḃí sé ċóṁ milis le mil im’ ḃéal, aċt nuair do ḃí sé iṫte agam, do rinneaḋ mo ḃolg searḃ. 11Agus aduḃraḋ liom, Caiṫfiḋ tú tarngaireaċt do ḋéanaṁ fós i dtaoḃ a lán poibleaċa, agus ciniḋeaċ, agus teangṫaċ, agus riġṫe.
Currently Selected:
Taisbeanádh 10: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.