Bible App logo
Search Icon

Taisbeanádh 7

7
1’N‐a ḋiaiḋ sin do ċonnacas ceiṫre h‐aingle ’n‐a seasaṁ ag ceiṫre cúinniḃ an doṁain, ag coiṁeád ceiṫre gaoṫa an doṁain, ċum naċ séidfeaḋ aon ġaoṫ ar an talaṁ, ná ar an ḃfairrge, ná ar aon ċrann. 2Agus do ċonnacas aingeal eile ag teaċt anoir, agus séala an Dé ḃí aige: agus do ġlaoḋ sé de ġuṫ árd ar na ceiṫre h‐aingliḃ go raiḃ tugṫa de ċead dóiḃ doċar do ḋéanaṁ do’n talaṁ agus do’n ḟairrge, 3g‐á ráḋ, Ná déanaiḋ aon doċar do’n talaṁ, ná do’n ḟairrge, ná do na crannaiḃ, go dtí go mbéiḋ séala curṫa againn ar ċlár éadain ar ṡeirḃíseaċaiḃ ár nDé. 4Agus do ċualas méid na ndaoine ar ar cuireaḋ an séala, céad agus dá‐ḟiċid agus ceiṫre míle as gaċ treiḃ de ċloinn Israel.
5Do cuireaḋ séala ar ḋá ṁíle déag de ṫreiḃ Iúda:
Ar ḋá ṁíle déag de ṫreiḃ Rúben:
Ar ḋá ṁíle déag de ṫreiḃ Ġaid:
6Ar ḋá ṁíle déag de ṫreiḃ Aséir:
Ar ḋá ṁíle déag de ṫreiḃ Neftalí:
Ar ḋá ṁíle déag de ṫreiḃ Ṁanassé:
7Ar ḋá ṁíle déag de ṫreiḃ Ṡimeoin:
Ar ḋá ṁíle déag de ṫreiḃ Léḃí:
Ar ḋá ṁíle déag de ṫreiḃ Issaċair:
8Ar ḋá ṁíle déag de ṫreiḃ Ṡabúlóin:
Ar ḋá ṁíle déag de ṫreiḃ Ṡeosaiṁ:
Ar ḋá ṁíle déag de ṫreiḃ Ḃeniamín.
9’N‐a ḋiaiḋ sin do ḋearcas, agus féaċ, sluaġ mór naċ ḃféadfaḋ aon duine a áireaṁ, de gaċ cineaḋ, agus de gaċ treiḃ, agus de gaċ pobal, agus de gaċ teangain, ’n‐a seasaṁ os cóṁair na riġ‐ċaṫaoireaċ agus os cóṁair an Uain, éadaiġe geala umpa, agus pailmeaċa ’n‐a láṁaiḃ aca; 10agus do ḃíodar g‐á ġlaoḋaċ amaċ de ġuṫ árd, Slánuġaḋ d’ár nDia atá ’n‐a ṡuiḋe san riġ‐ċaṫaoir, agus do’n Uan. 11Agus do ḃí na h‐aingle uile ’n‐a seasaṁ i dtimċeall na riġ‐ċaṫaoireaċ, agus i dtimċeall na seanóir agus na gceiṫre n‐ainṁiḋe; agus do ṫuiteadar ar a n‐aiġṫiḃ fúṫa os cóṁair na riġ‐ċaṫaoireaċ, agus d’aḋradar Dia, 12g‐á raḋ, Amen: Molaḋ, agus glóir, agus eagnaiḋeaċt, agus buiḋeaċas, agus onóir, agus cuṁaċt, agus neart go raiḃ ag ár nDia go saoġal na saoġal. Amen. 13Agus d’ḟreagair duine de na seanóiriḃ, g‐á ráḋ liom, Cia h‐iad so go ḃfuil na róbaí geala orṫa, agus cad as a dtáinig siad? 14Agus aduḃras‐sa leis, A Ṫiġearna, atá a ḟios agat‐sa. Agus aduḃairt seisean liom, Is iad na daoine ṫáinig as an anró mór iad so, agus do niġeadar a róbaí agus do rinneadar geal iad i ḃfuil an Uain. 15Uime sin is eaḋ ḃíonn siad os cóṁair riġ‐ċaṫaoireaċ Dé; agus bíonn siad ag déanaṁ seirḃíse ḋó de ló agus d’oiḋċe ’n‐a ṫeampall: agus an té atá ’n‐a ṡuiḋe san riġ‐ċaṫaoir, cuṁdóċaiḋ sé fá n‐a ṗailiún iad. 16Ní ḃéiḋ ocras ná tart orṫa ċoiḋċe; agus ní ḃuailfiḋ an ġrian ná aon teas loiscneaċ orṫa: óir an tUan atá i lár na riġ‐ċaṫaoireaċ, 17béiḋ sé ’n‐a aoḋaire aca, agus treoróċaiḋ sé go toibreaċa fíor‐uisce na beaṫaḋ iad: agus cuimilfiḋ Dia gaċ deor d’á súiliḃ.

Currently Selected:

Taisbeanádh 7: JOYNTG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in