1
Taisbeanádh 8:1
Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)
JOYNTG
Agus nuair d’ḟoscail sé an seaċtṁaḋ séala, do ḃí tost ar neaṁ tuairim is leaṫuair.
Compare
Explore Taisbeanádh 8:1
2
Taisbeanádh 8:7
Agus do ṡéid an ċéad aingeal, agus ṫáinig cloiċ‐ṡneaċta agus teine, meascṫa le fuil, ’n‐a ḋiaiḋ, agus do caiṫeaḋ iad ar an talaṁ: agus do dóiġeaḋ an treas cuid de’n talaṁ, agus do dóiġeaḋ an treas cuid de na crannaiḃ, agus do dóiġeaḋ an féar glas go h‐uile.
Explore Taisbeanádh 8:7
3
Taisbeanádh 8:13
Agus do ḋearcas, agus do ċualas iolar aonair ar eiteall i lár na spéire, g‐á ráḋ de ġuṫ árd, Mairg, mairg, mairg, do luċt áitreaḃa na talṁan, mar ġeall ar ġlórṫaiḃ eile na stoc atá le séideaḋ fós ag na trí h‐aingliḃ.
Explore Taisbeanádh 8:13
4
Taisbeanádh 8:8
Agus do ṡéid an dara h‐aingeal, agus do teilgeaḋ mar ḃéaḋ cnoc mór d’á loscaḋ le teiniḋ isteaċ san ḃfairrge: agus do rinneaḋ fuil de’n treas cuid de’n ḟairrge
Explore Taisbeanádh 8:8
5
Taisbeanádh 8:10-11
Agus do ṡéid an treas aingeal, agus do ṫuit réalta ṁór ó neaṁ anuas, agus í ar dearg‐lasaḋ aṁail tóirse, agus do ṫuit sí ar an treas cuid de na h‐aiḃniḃ, agus ar ṫoibreaċaiḃ an uisce: agus is é ainm na réaltan Mormónta: agus do rinneaḋ mormónta de’n treas cuid de na h‐uisciḃ; agus d’éag a lán daoine de ḋeascaiḃ na n‐uiscí, toisc iad d’éirġe searḃ.
Explore Taisbeanádh 8:10-11
6
Taisbeanádh 8:12
Agus do ṡéid an ceaṫraṁaḋ h‐aingeal, agus do buaileaḋ an treas cuid de’n ġréin, agus an treas cuid de’n ġealaiġ, agus an treas cuid de na réaltanaiḃ; ċum go n‐éireoċaḋ an treas cuid díoḃ dorċa, agus go gcaillfeaḋ an lá an treas cuid d’á ṡolas, agus an oiḋċe mar an gcéadna.
Explore Taisbeanádh 8:12