Bible App logo
Search Icon

Taisbeanádh 3

3
1Agus scríoḃ ċum aingil na h‐eaglaise i Sárdis;
Is é adeir an té go ḃfuil seaċt Spioraídí Dé aige, agus na seaċt réaltana: Is eol dom t’oibreaċa, agus go ḃfuilir i n‐ainm ḃeiṫ beo, aċt gur marḃ atáir. 2Déan faire agus neartuiġ na neiṫe ḟanas, atá i mbaoġal báis: óir ní fuaras t’oibreaċa iomlán i ḃfiaḋnaise mo Ḋé. 3Cuiṁniġ, d’á ḃriġ sin, ar a ḃfuarais agus ar a gcualais, agus congḃuiġ é, agus déan aiṫriġe. Aċt muna ndéanair faire, tiocfad‐sa ar nós gadaiḋe, gan a ḟios agat cia an uair ṫiocfad ort. 4Aċt atá beagán daoine i Sárdis nár ṡaluiġ a n‐éadaiġe: agus siuḃalfaid‐sean i n‐éinḟeaċt liom i n‐éadaiġiḃ geala; óir is fiú iad é. 5An té ḃeireas buaiḋ, clúdóċar é ar an gcuma sin le h‐éadaiġiḃ geala; agus ní scriosfad a ainm amaċ ċoiḋċe as leaḃar na beaṫaḋ, agus adṁóċad a ainm i láṫair m’Aṫar agus i láṫair a aingeal. 6An té go ḃfuil cluas aige, éisteaḋ sé le n‐a ḃfuil ag an Spiorad d’á ráḋ leis na h‐eaglaisiḃ.
7Agus scríoḃ ċum aingil na h‐eaglaise i ḃFiladelfia;
Is é adeir an té atá naoṁṫa, an té atá fíor, an té go ḃfuil eoċair Ḋáiḃí aige, an té ḟosclas, agus ní dúntar ’n‐a ḋiaiḋ; té ḋúnas, agus ní foscailtear ’n‐a ḋiaiḋ: 8Is eol dom t’oibreaċa (féaċ, atá doras foscailte curṫa agam róṁat, agus ní ḟéadann aoinneaċ a ḋúnaḋ), de ḃriġ go ḃfuil beagán cuṁaċta agat, agus gur ċoiṁeádais mo ḃriaṫar, agus nár ṡéanais m’ainm. 9Féaċ, do‐ḃeirim duit cuid de luċt sionagóige Sátain, adeir gur Iúdaiġ iad, aċt naċ eaḋ, aċt gur bréagaċ atáid; féaċ, cuirfead d’ḟiaċaiḃ orṫa teaċt agus sléaċtaḋ ag do ċosaiḃ, agus a aiṫint go dtugas‐sa gráḋ ḋuit. 10De ḃriġ gur ċoiṁeádais briaṫar m’ḟad‐ḟulaing, cuṁdóċad‐sa ṫú ar uair an ċaṫuiġṫe atá le teaċt ar an saoġal uile, ċum a maireann ar talaṁ d’ḟroṁaḋ. 11Atáim ag teaċt go luaṫ; congḃuiġ a ḃfuil agat, ċum naċ mbainfiḋ aoinneaċ do ċoróin díot. 12An té ḃeireas buaiḋ, déanfad colaṁan i dteampall mo Ḋé ḋe, agus ní imṫeoċaiḋ sé amaċ as go deoiḋ: agus scríoḃfad ainm mo Ḋé air, agus ainm caṫraċ mo Ḋé, Iarúsalem nua ṫig anuas as neaṁ óm’ Ḋia, agus m’ainm nua féin. 13An té go ḃfuil cluas aige, éisteaḋ sé le n‐a ḃfuil ag an Spiorad d’á ráḋ leis na h‐eaglaisiḃ.
14Agus scríoḃ ċum aingil na h‐eaglaise i Laodicia;
Is é adeir an tAmen, an fiaḋnaiḋe dílis, fírinneaċ, tosaċ a ḃfuil cruṫuiġṫe ag Dia: 15Is eol dom t’oibreaċa, naċ ḃfuil tú fuar ná te; dob’ ḟearr liom ṫú ḃeiṫ fuar nó te. 16D’á ḃriġ sin, ó ṫárla ṫú ḃeiṫ bog‐ṫe, gan ḃeiṫ te ná fuar, scéiṫfead as mo ḃéal amaċ ṫú. 17De ḃriġ go n‐abrann tú, Atáim saiḋḃir agus maoin ar mo ṁian agam, gan uireasḃaiḋ éinniḋ orm; gan a ḟios agat gur tusa an duine dearóil, anróiteaċ, boċt, dall, lomnoċt: 18cóṁairliġim duit ór do h‐aṫ‐ḃruiṫneaḋ i dteiniḋ do ċeannaċ uaim‐se, ċum go mbéiḋ tú saiḋḃir, agus éadaiġe geala ċum clúdaċ do ċur ort féin, ċum naċ ḃfeicfear náire do lomnoċtaċta; agus ungaḋ le cuimilt ar do ṡúiliḃ, ċum go ḃfeiciḋ tú. 19An méid is ionṁain liom, do‐ḃeirim aċṁusán dóiḃ agus smaċtuiġim iad: bí‐se dúṫraċtaċ d’á ḃriġ sin, agus déan aiṫriġe. 20Féaċ, atáim im’ ṡeasaṁ ag an doras ag bualaḋ: má éisteann aon duine lem’ ġuṫ, agus an doras d’ḟoscailt, tiocfad isteaċ ċuige, agus íosad suipéar i n‐éinḟeaċt leis, agus íosaiḋ seisean i n‐éinḟeaċt liom‐sa. 21An té ḃeireas buaiḋ, do‐ḃéarfad de ċead dó suiḋe síos i n‐éinḟeaċt liom im’ riġ‐ċaṫaoir, fá mar rugas féin buaiḋ, agus do ṡuiḋeas síos i n‐éinḟeaċt lem’ Aṫair ’n‐a riġ‐ċaṫaoir‐sean. 22An té go ḃfuil cluas aige, éisteaḋ sé le n‐a ḃfuil ag an Spiorad d’á ráḋ leis na h‐eaglaisiḃ.

Currently Selected:

Taisbeanádh 3: JOYNTG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in