Bible App logo
Search Icon

Taisbeanádh 2

2
1Scríoḃ ċum aingil na h‐eaglaise i nÉiféis;
Is é adeir an té ċongḃuiġeas na seaċt réaltana ’n‐a láiṁ ḋeis, an té ṡiuḃlas i lár na seaċt gcoinnleoir óir: 2Is eol dom t’oibreaċa, agus do ṡaoṫar, agus t’ḟoiġid, agus is eol dom naċ féidir leat droċ‐ḋaoine d’ḟulang, agus gur ḟroṁais an dream ġlaoḋas abstail orṫa féin, agus naċ eaḋ, agus go ḃfuarais bréagaċ iad: 3agus go ḃfuil foiġid agat agus gur ḟulaingis ar son m’ainme, agus nár éiriġis tuirseaċ. 4Aċt atá an méid seo it’ aġaiḋ agam, gur ṫréigis do ċéad‐ġráḋ. 5Ċuiṁniġ, d’á ḃriġ sin, ar an áirde ó n‐ar ṫuitis, agus déan aiṫriġe, agus déan do ċéad‐oibreaċa; nó tiocfad‐sa ċugat, agus aistreoċad do ċoinnleoir as a ionad, muna ndéanaiḋ tú aiṫriġe. 6Aċt atá an méid seo agat, go ḃfuil gráin agat ar oibreaċaiḃ na Niocaláiteaċ, ar a ḃfuil gráin agam‐sa, mar an gcéadna. 7An té go ḃfuil cluas aige, éisteaḋ sé le n‐a ḃfuil ag an Spiorad d’á ráḋ leis na h‐eaglaisiḃ. An té ḃeireas buaiḋ, do‐ḃéarfad dó‐san toraḋ le n’iṫe de ċrann na beaṫaḋ atá i bpárrṫas Dé.
8Agus scríoḃ ċum aingil na h‐eaglaise i Smiorna;
Is é adeir an tosaċ agus an deireaḋ, do ḃí marḃ, agus atá beo: 9Is eol dom t’anró, agus do ḃoċtaine (aċt atáir saiḋḃir), agus maslú an dreama adeir gur Iúdaiġ iad, agus naċ eaḋ, aċt gur sionagóg Ṡátain iad. 10Ná bíoḋ aon eagla ort roiṁ an méid atá le fulang agat: féaċ, atá an diaḃal ar tí cuid agaiḃ do ċaiṫeaṁ isteaċ i bpríosún ċum froṁaḋ do ḋéanaṁ oraiḃ; agus béiḋ siḃ fá anró ar feaḋ deiċ lá. Bí‐se dílis go bás, agus do‐ḃéarfad‐sa coróin na beaṫaḋ ḋuit. 11An té go ḃfuil cluas aige, éisteaḋ sé le n‐a ḃfuil ag an Spiorad d’á ráḋ leis na h‐eaglaisiḃ. An té ḃeireas buaiḋ, ní ḃfaiġiḋ sé doċar ó’n dara bás.
12Agus scríoḃ ċum aingil na h‐eaglaise i bPergamum;
Is é adeir an té go ḃfuil an claiḋeaṁ géar ḋá‐ḟaoḃar aige: 13Is eol dom t’áit ċóṁnuiġṫe, mar a ḃfuil riġ‐ċaṫaoir Ṡátain: agus greamuiġeann tú dem’ ainm‐se, agus níor ṡéanais mo ċreideaṁ i laeṫiḃ Antipais féin, m’ḟiaḋnaiḋe dílis do marḃaḋ ’n‐ḃur measc, san áit ’n‐a ḃfuil Sátan ’n‐a ċóṁnaiḋe. 14Aċt atá beagán agam le ráḋ it’ aġaiḋ, de ḃriġ go ḃfuil annsin agat cuid de’n dream leanas de ṫeagasc Ḃaláaim, an té do ṁúin do Ḃalac ceap tuisliḋ do ċur roiṁ ċlainn Israel, ċum neiṫe do ḃí íoḋbarṫa d’íoḋalaiḃ d’iṫe, agus ċum striapaċas do ċleaċtaḋ. 15Atá agat‐sa, leis, cuid díoḃ‐san leanas de ṫeagasc na Niocaláiteaċ. 16Déan aiṫriġe, d’á ḃriġ sin, nó tiocfad‐sa ċugat go luaṫ, agus troidfead ’n‐a h‐aġaiḋ le claiḋeaṁ mo ḃéil. 17An té go ḃfuil cluas aige, éisteaḋ sé le n‐a ḃfuil ag an Spiorad d’á ráḋ leis na h‐eaglaisiḃ. An té ḃeireas buaiḋ, do‐ḃéarfad dó‐san cuid de’n ṁanna foluiġṫe, agus do‐ḃéarfad ḋó cloċ ġeal, agus ainm nua scríoḃṫa ar an gcloiċ, naċ ḃfuil eolas air ag aoinneaċ, aċt ag an té ġeiḃeas í.
18Agus scríoḃ ċum aingil na h‐eaglaise i dTuatíra;
Is é adeir Mac Dé, an té go ḃfuil súile mar lasair teineaḋ aige, agus go ḃfuil a ċosa cosṁail le h‐uṁa geal‐ruiṫneaċ: 19Is eol dom t’oibreaċa, agus do ġráḋ, agus do ċreideaṁ, agus do ṡeirḃís, agus t’ḟoiġid, agus gur mó t’oibreaċa deiriḋ ’ná do ċéad oibreaċa. 20Aċt atá an méid seo agam it’ aġaiḋ, go ḃfulaingeann tú an ḃean Iesebel, adeir gur ban‐ḟáiḋ í féin; agus múineann agus mealann sí mo ṡeirḃísiġ ċum striapaċas do ċleaċtaḋ, agus ċum neiṫe atá íoḋbarṫa d’íoḋalaiḃ d’iṫe. 21Agus ṫugas uain di ċum aiṫriġe do ḋéanaṁ; agus ní mian léi aiṫriġe do ḋéanaṁ ’n‐a striapaċas. 22Féaċ, caiṫfead isteaċ i leabaiḋ í, agus cráḋfad le doġrainn ṁóir an dream ċleaċtas aḋaltrannas léi muna ndéanaiḋ siad aiṫriġe ’n‐a h‐oibreaċaiḃ. 23Agus imreoċad bás ar a clainn; agus tuigfiḋ na h‐eaglaisí gur mise an té scrúduiġeas na duḃáin agus na croiḋeaċa: agus do‐ḃéarfad do gaċ duine agaiḃ do réir ḃur ngníoṁarṫa. 24Aċt deirim‐se liḃ‐se, leis an gcuid eile de ṁuinntir Ṫuatíra naċ ḃfuil an teagasc so aca, agus naċ eol dóiḃ neiṫe doiṁne Ṡátain, mar ġlaoḋann siad orṫa; Ní ċuirim aon ualaċ eile oraiḃ. 25Aċt ċeana, congḃuiġiḋ greim ar a ḃfuil agaiḃ, nó go dtagad. 26Agus an té ḃeireas buaiḋ, agus ċoiṁeádas m’oibreaċa go deireaḋ, do‐ḃéarfad dó‐san uġdarás os cionn na náisiún, 27agus déanfaiḋ sé aoḋaireaċt orṫa le slait iarainn, mar bristear soiṫiġ criadóra ’n‐a mbroscar; do réir na cuṁaċta fuaras ó’n Aṫair: 28agus do‐ḃéarfad dó réalta na maidne. 29An té go ḃfuil cluas aige, éisteaḋ sé le n‐a ḃfuil ag an Spiorad d’á ráḋ leis na h‐eaglaisiḃ.

Currently Selected:

Taisbeanádh 2: JOYNTG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in