1
Taisbeanádh 3:20
Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)
JOYNTG
Féaċ, atáim im’ ṡeasaṁ ag an doras ag bualaḋ: má éisteann aon duine lem’ ġuṫ, agus an doras d’ḟoscailt, tiocfad isteaċ ċuige, agus íosad suipéar i n‐éinḟeaċt leis, agus íosaiḋ seisean i n‐éinḟeaċt liom‐sa.
Compare
Explore Taisbeanádh 3:20
2
Taisbeanádh 3:15-16
Is eol dom t’oibreaċa, naċ ḃfuil tú fuar ná te; dob’ ḟearr liom ṫú ḃeiṫ fuar nó te. D’á ḃriġ sin, ó ṫárla ṫú ḃeiṫ bog‐ṫe, gan ḃeiṫ te ná fuar, scéiṫfead as mo ḃéal amaċ ṫú.
Explore Taisbeanádh 3:15-16
3
Taisbeanádh 3:19
An méid is ionṁain liom, do‐ḃeirim aċṁusán dóiḃ agus smaċtuiġim iad: bí‐se dúṫraċtaċ d’á ḃriġ sin, agus déan aiṫriġe.
Explore Taisbeanádh 3:19
4
Taisbeanádh 3:8
Is eol dom t’oibreaċa (féaċ, atá doras foscailte curṫa agam róṁat, agus ní ḟéadann aoinneaċ a ḋúnaḋ), de ḃriġ go ḃfuil beagán cuṁaċta agat, agus gur ċoiṁeádais mo ḃriaṫar, agus nár ṡéanais m’ainm.
Explore Taisbeanádh 3:8
5
Taisbeanádh 3:21
An té ḃeireas buaiḋ, do‐ḃéarfad de ċead dó suiḋe síos i n‐éinḟeaċt liom im’ riġ‐ċaṫaoir, fá mar rugas féin buaiḋ, agus do ṡuiḋeas síos i n‐éinḟeaċt lem’ Aṫair ’n‐a riġ‐ċaṫaoir‐sean.
Explore Taisbeanádh 3:21
6
Taisbeanádh 3:17
De ḃriġ go n‐abrann tú, Atáim saiḋḃir agus maoin ar mo ṁian agam, gan uireasḃaiḋ éinniḋ orm; gan a ḟios agat gur tusa an duine dearóil, anróiteaċ, boċt, dall, lomnoċt
Explore Taisbeanádh 3:17
7
Taisbeanádh 3:10
De ḃriġ gur ċoiṁeádais briaṫar m’ḟad‐ḟulaing, cuṁdóċad‐sa ṫú ar uair an ċaṫuiġṫe atá le teaċt ar an saoġal uile, ċum a maireann ar talaṁ d’ḟroṁaḋ.
Explore Taisbeanádh 3:10
8
Taisbeanádh 3:11
Atáim ag teaċt go luaṫ; congḃuiġ a ḃfuil agat, ċum naċ mbainfiḋ aoinneaċ do ċoróin díot.
Explore Taisbeanádh 3:11
9
Taisbeanádh 3:2
Déan faire agus neartuiġ na neiṫe ḟanas, atá i mbaoġal báis: óir ní fuaras t’oibreaċa iomlán i ḃfiaḋnaise mo Ḋé.
Explore Taisbeanádh 3:2