Taisbeanádh 4
4
1’N‐a ḋiaiḋ sin do ḋearcas, agus féaċ, doras ar ḟoscailt ar neaṁ, agus an ċéad guṫ do ċualas do ḃí sé mar ḃéaḋ fuaim stuic ag laḃairt liom, g‐á ráḋ, Gaḃ aníos annso, agus taisbeánfad duit na neiṫe atá le teaċt ċum críċe ’n‐a ḋiaiḋ seo. 2Agus ar an láṫair do ḃíos san Spiorad: agus féaċ, do ḃí riġ‐ċaṫaoir suiḋte ar neaṁ, agus an duine ’n‐a ṡuiḋe ins an riġ‐ċaṫaoir; 3agus an té do ḃí ’n‐a ṡuiḋe is aṁlaiḋ do ḃí sé mar ḃéaḋ cloċ iaspair agus sáird: agus i dtimċeall na riġ‐ċaṫaoireaċ do ḃí boġa ceaṫa, mar ḃéaḋ cloċ smaragaid le féaċain air. 4Agus do ḃí ceiṫre riġ‐ċaṫaoireaċa agus fiċe, agus ceaṫrar agus fiċe seanóir ’n‐a suiḋe ins na riġ‐ċaṫaoireaċaiḃ, éadaiġe geala umpa, 5agus coróineaċa óir ar a gceannaiḃ aca. Agus bíonn lasraċa agus glórṫa agus tóirneaċa ag teaċt amaċ ó’n riġ‐ċaṫaoir. Agus do ḃí seaċt lóċrainn teineaḋ ar dian‐lasaḋ os cóṁair na riġ‐ċaṫaoireaċ: is iad seaċt spioraidí Dé iad. 6Agus os cóṁair na riġ‐ċaṫaoireaċ do ḃí mar ḃéaḋ fairrge gloine cosṁail le criostal: agus i lár gaċ taoiḃe de’n riġ‐ċaṫaoir, ’n‐a ṫimċeall, do ḃí ceiṫre h‐ainṁiḋṫe lán de ṡúiliḃ ar tosaċ rómpa agus ar a gcúl. 7Agus do ḃí an ċéad ainṁiḋe cosṁail le leoṁan, agus an dara h‐ainṁiḋe cosṁail le laoġ, agus do ḃí aġaiḋ mar aġaiḋ duine ag an treas ainṁiḋe, agus do ḃí an ceaṫraṁaḋ h‐ainṁiḋe cosṁail le h‐iolar ar eiteall. 8Do ḃí sé sciaṫáin ag gaċ ceann de na h‐ainṁiḋṫiḃ, agus ’n‐a dtimċeall, agus taoḃ istiġ ḋíoḃ atá siad lán de ṡúiliḃ: agus ní ṫostann siad de ló ná d’oiḋċe, aċt iad g‐á ráḋ, Naoṁṫa, naoṁṫa, naoṁṫa, Tiġearna Dia Uile‐ċuṁaċtaċ, do ḃí ann, agus atá ann, agus atá ag teaċt. 9Agus nuair ḃeireas na h‐ainṁiḋṫe glóir agus onóir agus buiḋeaċas do’n té atá ’n‐a ṡuiḋe san riġ‐ċaṫaoir, do’n té ṁaireas go saoġal na saoġal, 10tuiteann an ceaṫrar seanóir agus fiċe síos os cóṁair na té atá ’n‐a ṡuiḋe san riġ‐ċaṫaoir, agus aḋrann siad an té ṁaireas go saoġal na saoġal, agus caiṫeann siad a gcoróineaċa síos os cóṁair na riġ‐ċaṫaoireaċ, 11g‐á ráḋ, Is fiú ṫú, a Ṫiġearna agus a Ḋia an ġlóir agus an onóir agus an ċuṁaċt d’ḟáġáil: óir is tú do ċruṫuiġ na h‐uile neiṫe, agus is ded’ ṫoil‐se atá siad ann, agus do cruṫuiġeaḋ iad.
Currently Selected:
Taisbeanádh 4: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.