Chum na nEabhraidheach 9
9
1Anois do ḃí riaġlaċa le h‐aġaiḋ aḋarṫa Dé, agus sanctóir saoġalta ag an gcéad ċonnraḋ. 2Óir do ḃí tabernacal curṫa i gcóir, an ċéad ṗailliún, ar a dtugtar an Naoṁ‐Áit, mar a raiḃ an coinnleoir, agus an bórd, agus arán na toirḃirte. 3Agus taoḃ istiġ de’n dara brat do ḃí an tabernacal ar a dtugtar an Áit Sár‐Naoṁṫa; 4mar a raiḃ an túiseoir óir, agus áirc an ċonnarṫa fá n‐a ċlúdaċ óir ’n‐a raiḃ an soiṫeaċ óir ’n‐a mbíoḋ an manna, agus slat Aáróin as a dtáinig na baċlóga, agus cláir an ċonnarṫa; 5agus os a ċionn sin cerúbím na glóire, go raiḃ a scáṫ mar ċlúdaċ ar ċaṫaoir na trócaire; aċt ní féidir linn laḃairt ’n‐a dtaoḃ sin fá leiṫ anois. 6Anois ar mbeiṫ curṫa i dtreo do na neiṫiḃ sin, na sagairt do‐ġní na seirḃísí, téiġeann siad isteaċ san gcéad tabernacal: 7aċt san dara tabernacal ní ṫéiġeann isteaċ aċt an t‐árd‐ṡagart ’n‐a aonar, uair san ḃliaḋain, ní gan fuil ofrálas sé ar a ṡon féin agus ar son peacaiḋe an ṗobail. 8Is é ḟoillsiġeas an Spiorad Naoṁ san méid sin, naċ ḃfuil an tsliġe isteaċ ċum na h‐áite naoṁṫa ar ḟoscailt fós, ċóṁ fada agus atá an ċéad tabernacal ar bun. 9Saṁlaoid de’n aimsir atá ann fá láṫair is eaḋ é: is ann ofráltar taḃartaisí agus íoḋbarṫa naċ ḃféadann coinsias an aḋraṫóra do ḋéanaṁ saor ó loċt; 10naċ ḃfuil ionnta (idir biaḋa, agus deoċa, agus ionnlaiḋṫe éagsaṁla) aċt gnáṫ‐nósanna saoġalta, do cuireaḋ ar bun go dtí aimsir an ċeartuiġṫe.
11Aċt, iar dteaċt do Ċríost mar árd‐ṡagart na n‐aoiḃneas atá le teaċt, tré ṫabernacal is mó agus is iomláine, naċ ndearnaḋ le láṁaiḃ, is é sin naċ de’n tsaoġal so, 12ní tré ḟuil gaḃar agus laoġ, áċt tré n‐a ḟuil féin, do ċuaiḋ sé isteaċ san naoṁ‐áit an t‐aon uair aṁáin, agus do ġnóṫuiġ sé fuasclaḋ síorraiḋe. 13Óir má ġníonn fuil gaḃar agus tarḃ, agus luaiṫ bearaiġ croiṫtear ar na daoiniḃ atá truailliḋe, naoṁú ċum glanta na feola: 14naċ mó go mór ḋéanfas fuil Ċríost, an té d’íoḋbair é féin gan smál do Ḋia, tríd an Spiorad síorraiḋe, ḃur gcoinsias do ġlanaḋ ó ġníoṁarṫaiḃ marḃa ċum seirḃís do ḋéanaṁ do’n Dia síorraiḋe? 15Agus ar an aḋḃar sin is idirṁeaḋóntóir connarṫa nua é, ar ṁoḋ, de ḃárr an ḃáis i n‐éiric ár gcionnta, do ḃí fá’n gcéad ċonnraḋ, go ḃfaiġiḋ na daoine do glaoḋaḋ geallaṁain na h‐oiḋreaċta síorraiḋe. 16Óir san áit ’n‐a ḃfuil tiomna, ní foláir cruṫaṁnas báis an té do rinne an tiomna ḃeiṫ ann, leis. 17Óir ní ḃíonn tiomna i ḃfeiḋm muna mbíonn bás ann: óir ní ḃíonn briġ ann a ḟaid agus ḃíos an té do rinne é beo. 18D’á ḃriġ sin níor bunuiġeaḋ an ċéad tiomna féin gan fuil. 19Óir nuair do ḃí an uile aiṫne fógarṫa ag Maois do’n ṗobal do réir an dliġe, do ġlac sé cuid d’ḟuil na laoġ agus na ngaḃar i n‐éinḟeaċt le h‐uisce, agus le h‐olainn ċraoraiġ, agus le h‐iosóip, agus do ċroiṫ sé ar an leaḃar féin, 20agus ar an bpobal uile í, g‐á ráḋ, Is í seo fuil an tiomna atá órduiġṫe ag Dia ḋaoiḃ. 21Agus mar an gcéadna do ċroiṫ sé an ḟuil ár an tabernacal agus ar ṡoiṫiġiḃ uile na miniostrálaċta. 22Agus is beag naċ ḃféadtar a ráḋ, do réir an dliġe, go nglantar an uile niḋ le fuil, agus gan dortaḋ fola naċ ḃfuil maiṫeaṁnas ar biṫ le fáġáil.
23Níorḃ ḟoláir, d’á ḃriġ sin, somplaí na neiṫe atá ar neaṁ do ġlanaḋ ar an gcuma sin; aċt na neiṫe neaṁḋa do ġlanaḋ le h‐íoḋbarṫaiḃ atá níos fearr ’ná iad sin. 24Óir ní isteaċ i n‐áit naoṁṫa do rinneaḋ le láṁaiḃ do ċuaiḋ Críost, áit naċ ḃfuil aċt ’n‐a ṡompla de’n naoṁ‐áit ḟírinniġ; aċt isteaċ ins na flaiṫeasaiḃ féin, ċum go ḃfaiġfiḋe é anois i láṫair Dé ar ár son‐sa: 25agus ní ċum é féin d’íoḋbairt go minic do ċuaiḋ sé isteaċ ann; fá mar ṫéiġeas an t‐árd‐ṡagart isteaċ san áit naoṁṫa, bliaḋain i ndiaiḋ bliaḋna, le fuil naċ leis féin: 26san gcás sin dob’ éigean dó fulang go minic ó cuireaḋ an doṁan ar suiḋeaċan: aċt anois, an t‐aon uair aṁáin, i ndeireaḋ na n‐aois do foillsiġeaḋ é ċum deireaḋ do ċur leis an bpeacaḋ, g‐á íoḋbairt féin. 27Agus ó tá sé i ndán do na daoiniḃ bás d’ḟáġáil uair aṁáin, agus go dtagann an breiṫeaṁnas ’n‐a ḋiaiḋ sin; 28ar an gcuma ċéadna, foillseoċar Críost gan peacaḋ, an dara h‐uair, do na daoiniḃ atá ag fanaṁain leis, ċum a slánuiġṫe, tar a éis dó a íoḋbairt féin an t‐aon uair aṁáin ċum peacaiḋe móráin d’iomċar.
Currently Selected:
Chum na nEabhraidheach 9: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.