1
Chum na nEabhraidheach 9:28
Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)
JOYNTG
ar an gcuma ċéadna, foillseoċar Críost gan peacaḋ, an dara h‐uair, do na daoiniḃ atá ag fanaṁain leis, ċum a slánuiġṫe, tar a éis dó a íoḋbairt féin an t‐aon uair aṁáin ċum peacaiḋe móráin d’iomċar.
Compare
Explore Chum na nEabhraidheach 9:28
2
Chum na nEabhraidheach 9:14
naċ mó go mór ḋéanfas fuil Ċríost, an té d’íoḋbair é féin gan smál do Ḋia, tríd an Spiorad síorraiḋe, ḃur gcoinsias do ġlanaḋ ó ġníoṁarṫaiḃ marḃa ċum seirḃís do ḋéanaṁ do’n Dia síorraiḋe?
Explore Chum na nEabhraidheach 9:14
3
Chum na nEabhraidheach 9:27
Agus ó tá sé i ndán do na daoiniḃ bás d’ḟáġáil uair aṁáin, agus go dtagann an breiṫeaṁnas ’n‐a ḋiaiḋ sin
Explore Chum na nEabhraidheach 9:27
4
Chum na nEabhraidheach 9:22
Agus is beag naċ ḃféadtar a ráḋ, do réir an dliġe, go nglantar an uile niḋ le fuil, agus gan dortaḋ fola naċ ḃfuil maiṫeaṁnas ar biṫ le fáġáil.
Explore Chum na nEabhraidheach 9:22
5
Chum na nEabhraidheach 9:15
Agus ar an aḋḃar sin is idirṁeaḋóntóir connarṫa nua é, ar ṁoḋ, de ḃárr an ḃáis i n‐éiric ár gcionnta, do ḃí fá’n gcéad ċonnraḋ, go ḃfaiġiḋ na daoine do glaoḋaḋ geallaṁain na h‐oiḋreaċta síorraiḋe.
Explore Chum na nEabhraidheach 9:15