Chum na nEabhraidheach 10
10
1Óir an dliġe, ag a ḃfuil scáil na n‐aoiḃneas atá le teaċt, ní h‐í íoṁáiġ ḟíor na neiṫe féin, ní ḟéadann sé na daoine ṫig i ḃfogas d’ḟoirḃiú leis na h‐íoḋbarṫaiḃ ofráltar de ġnáṫ ó ḃliaḋain go bliaḋain. 2Óir, san gcás sin, naċ gcuirfiḋe deireaḋ ċoiḋċe le h‐ofráil na n‐íoḋbairt úd, toisc, ar mbeiṫ glanta, an t‐aon uair aṁáin, do’n luċt aḋarṫa, naċ mbéaḋ a bpeacaiḋe ar a gcoinsias aca ní ba ṁó? 3Aċt ins na h‐íoḋbarṫaiḃ úd déantar aṫċuiṁneaṁ ar na peacaiḋiḃ ó ḃliaḋain go bliaḋain. 4Óir ní féidir go nglanfaḋ fuil tarḃ agus gaḃar peacaiḋe. 5Uime sin, ag teaċt isteaċ san tsaoġal dó, adeir sé,
Íoḋbairt agus ofráil níorḃ áil liom,
Aċt d’ullṁuiġis corp dom;
6I n‐íoḋbarṫaiḃ loiscṫe agus i n‐íoḋbarṫaiḃ ar son an ṗeacaiḋ ní raiḃ aon taiṫneaṁ agat:
7Annsin aduḃras‐sa, Féaċ, atáim‐se ag teaċt
(I rolla do leaḃair atá scríoḃṫa im’ ṫaoḃ)
Ċum do ṫoil do ḋéanaṁ, a Ḋia.
8Tar a éis dó a ráḋ de’n ċéad uair, Níorḃ áil liom íoḋbarṫa agus ofrála, agus íoḋbarṫa loiscṫe, agus íoḋbarṫa ar son peacaiḋ, agus ní raiḃ aon taiṫneaṁ agat ionnta (neiṫe íoḋbartar do réir an dliġe), 9aduḃairt sé ’n‐a ḋiaiḋ sin, Ḟéaċ, atáim‐se ag teaċt ċum do ṫoil do ḋéanaṁ. Is aṁlaiḋ atá sé ag cur an ċéad niḋ ar ceal, ċum an dara niḋ do ċur ar bun. 10De ḃárr na tola sin is eaḋ atáimíd‐ne d’ár naoṁú tré íoḋbairt ċuirp Ċríost an t‐aon uair go deo. 11Agus a ḟaid agus ṡeasuiġeann gaċ sagart lá i ndiaiḋ lae ag frioṫáileaṁ, agus go minic ag ofráil na n‐íoḋbairt céadna, 12naċ ḃféadann peacaiḋe do ġlanaḋ: aċt an té seo, tar a éis dó aon íoḋbairt aṁáin d’ofráil ar son na bpeacaiḋe go deo, is aṁlaiḋ do ṡuiḋ sé síos ar ḋeas‐láiṁ Dé; 13ag feiṫeaṁ nó go ndéantar stól d’á náiṁdiḃ fá n‐a ċosaiḃ. 14Óir de ḃárr aon íoḋbarṫa aṁáin d’ḟoirḃiġ sé go deo na daoine atá naoṁuiġṫe. 15Agus do‐ḃeir an Spiorad Naoṁ fiaḋnaise ḋúinn, leis: óir tar a éis dó a ráḋ,
16Is é seo an connraḋ ḋéanfad leo
Tar éis na laeṫe úd, adeir an Tiġearna;
Cuirfead mo ḋliġṫe ’n‐a gcroiḋeaċaiḃ,
Agus scríoḃfad ar a n‐aigeantaiḃ iad:
17Agus ní ċuiṁneoċad go deo ar a bpeacaiḋiḃ agus ar a gcionntaiḃ.
18Agus san áit ’n‐a maiṫtear iad so, ní ḟuil gáḃaḋ le h‐aon íoḋbairt eile ar son na bpeacaiḋe.
19D’á ḃriġ sin, a ḃráiṫre, ó tá sé de ḋánaċt againn dul isteaċ san áit naoṁṫa tré ḟuil Íosa, 20san tsliġe do ċoisreac sé ḋúinn, sliġe úr‐nua, ḃeo, tríd an mbrat, 21is é sin a ḟeoil féin; agus de ḃriġ go ḃfuil árd‐ṡagart againn os cionn tiġe Dé; 22druidimís i ḃfoigseaċt dó, le fírinne croiḋe, agus an creideaṁ daingniġṫe ’n‐ár n‐aigne, agus ár gcroiḋeaċa glanta ó ḋroċ‐ċoinsias, agus ár gcorp niġte le fíor‐uisce: 23coiṁeádaimís go daingean an dóċas adṁuiġmíd ċum naċ lagaiḋ sé; óir is dílis an té ṫug an ġeallaṁain: 24agus taḃraimís aire d’á ċéile, ag spreagaḋ a ċéile ċum gráḋa agus ċum deaġ‐ġníoṁarṫa; 25gan cóṁċruinniú: gceann a ċéile do ṫréigean, ar nós daoine áiriṫe, aċt ḃeiṫ ag gríosaḋ a ċéile; go mórṁór de ḃriġ go ḃfeiceann siḃ an lá ag druidim linn.
26Óir má ġnímíd peacaḋ d’ár ndeoin féin tar a éis dúinn eolas na fírinne d’ḟáġáil, ní fágṫar aon íoḋbairt eile ar son na bpeacaiḋe, 27aċt ag feiṫeaṁ fá ċriṫ‐eagla leis an mbreiṫeaṁnas, agus le teiniḋ ḟíoċṁair ṡloigfeas náiṁde Dé. 28An té do ḃris dliġe Ṁaoise, curtar ċum báis é gan trócaire ar ḟiaḋnaise beirte nó trír; 29naċ móide go mór, an measann siḃ, an pionós ḃéas tuilte ag an té do ṡatail fá ċois Mac Dé, agus ṫug tarcuisne d’ḟuil an ċonnarṫa le n‐ar naoṁuiġeaḋ é, agus ṫug masla do Spiorad an ġrása? 30Óir atá a ḟios againn cia h‐é aduḃairt, Is liom‐sa an díoġaltas, is mise ċúiteoċas; 31agus arís, Ḃéarfaiḋ an Tiġearna breiṫ ar a ṗobal. Is mór is cúis eagla tuitim idir láṁaiḃ an Dé ḃeo.
32Aċt biḋiḋ ag cuiṁneaṁ ar na sean‐laeṫiḃ ’n‐ar ṡeasuiġ siḃ spairn ṗianaṁail, tar a éis daoiḃ solas d’ḟáġáil; 33ní h‐é aṁáin go ndearnaḋ ceap magaiḋ ḋíḃ le acṁúsán agus le caṫuiġṫiḃ; agus ṫairis sin, go ndearnaḋ rannṗáirtiḋṫe ḋíḃ leis na daoiniḃ do ḃí san rioċt céadna liḃ. 34Óir ṫug siḃ truaġ do na daoiniḃ do ḃí i ngeiṁleaċaiḃ, agus do ġlac siḃ go fonnṁar le creaċaḋ ḃur maoine, agus a ḟios agaiḃ go ḃfuil maoin is fearr ’ná sin ionnaiḃ féin, maoin ṡíorḃuan. 35D’á ḃriġ sin ná leigiḋ uaiḃ ḃur muiniġin, go ḃfuil luaċ saoṫair mór ag baint léi. 36Óir atá gáḃaḋ le foiḋne agaiḃ, ar ṁoḋ, ṫar a éis daoiḃ toil Dé do ḋéanaṁ, go ḃfaiġiḋ siḃ a ḃfuil geallta ḋaoiḃ.
37Óir tar éis tamaill ḃig,
Tiocfaiḋ an té atá le teaċt, agus ní ḋéanfaiḋ sé moill.
38Aċt mairfiḋ m’ḟíréan tré ċreideaṁ;
Agus má ċasann sé siar, ní ḟuil taiṫneaṁ a ṫuilleaḋ ag m’anam ann.
39Aċt ní daoine de’n dream ċasas siar agus cailltear sinne, aċt daoine de’n dream ċreideas ċum a n‐anam do ṡlánú.
Currently Selected:
Chum na nEabhraidheach 10: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.