Chum na nEabhraidheach 8
8
1Anois, is é an poinnte is táḃaċtaiġe de’n méid atá ráiḋte againn: Atá a leiṫéid d’árd‐ṡagart againn, atá ’n‐a ṡuiḋe ar ḋeas‐láiṁ na Mórḋaċta ins na flaiṫeasaiḃ, 2do‐ġní frioṫáileaṁ san tsanctóir agus san ḃfíor‐ṫabernacal, nár ḋaoine, aċt gurḃ é an Tiġearna do ṡuiḋiġ é. 3Óir órduiġtear gaċ árd‐ṡagart ċum taḃartaisí agus íoḋbarṫa d’ofráil: agus d’á ḃriġ sin ní foláir do’n árd‐ṡagart niḋ éigin ḃeiṫ aige le n’íoḋbairt. 4Óir dá mbéaḋ sé ar talaṁ ní ḃéaḋ sé ’n‐a ṡagart ar ċor ar biṫ, toisc sagairt ofrálas taḃartaisí de réir an dliġe ḃeiṫ ann; 5fir do‐ġní frioṫáileaṁ ar ṡompla agus ar scáil na neiṫe neaṁḋa, fá mar fuair Maois fógra agus é ar tí an tabernacal do ḋéanaṁ: Óir féaċ ċuige ars’ sé, go ndéanaiḋ tú gaċ uile niḋ do réir an tsompla do taisbeánaḋ ar an gcnoc duit. 6Aċt anois is fearr go mór an ṁiniostrálaċt fuair sé, san méid gur idirṁeaḋontóir connarṫa níos fearr é, connraḋ atá bunuiġṫe ar ġeallaṁna ċaiḃ níos fearr. 7Óir dá mbéaḋ an ċéad ċonnraḋ úd saor ó loċt, ní ḃéaḋ an dara connraḋ i gceist. 8Óir is g‐á loċtú atá an Tiġearna, agus e g‐á raḋ,
Féaċ, atá na laeṫe ag teaċt, adeir an Tiġearna,
’N‐a gcuirfead connraḋ nua ar bun le teaġlaċ Israel agus le teaġlaċ lúda:
9Connraḋ naċ mbéiḋ cosṁail leis an gconnraḋ do rinneas le n‐a sinnsearaiḃ,
San lá ’n‐a rugas ar láiṁ orṫa g‐á dtreorú amaċ as tír na hÉigipte:
Óir níor ṡeasuiġeadar i mbun mo ċonnarṫa,
Agus d’iompuiġeas uaṫa, adeir an Tiġearna.
10Óir is é seo an connraḋ ḋéanfad le teaġlaċ Israel
Tar éis na laeṫe úd, adeir an Tiġearna:
Cuirfead mo ḋliġṫe isteaċ ’n‐a n‐aigne,
Agus scríoḃfad ar a gcroiḋe iad:
Agus béiḋead im’ Ḋia aca,
Agus béiḋ siad‐san ’n‐a bpobal agam:
11Agus ní ṁúinfiḋ gaċ duine a ċóṁarsa,
Agus gaċ duine a ḃráṫair, g‐á ráḋ, Bíoḋ aiṫne agat ar an Tiġearna:
Óir béiḋ aiṫne ag gaċ uile ḋuine orm,
Ó’n té is luġa go dtí an té is mó ḋíoḃ.
12Óir déanfad tróċaire ar a mí‐ġníoṁarṫaiḃ
Agus ní ċuiṁneoċad a ṫuilleaḋ ar a bpeacaiḋiḃ.
13Ġ‐á ráḋ ḋó, Connraḋ nua, is aṁlaiḋ atá an ċéad ċonnraḋ curṫa i seandaċt aige. Aċt an niḋ atá ag éirġe sean agus ag dul i n‐aois, is gearr uaiḋ dul as ar fad.
Currently Selected:
Chum na nEabhraidheach 8: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.