Chum na nEabhraidheach 4
4
1Bíoḋ eagla orainn, d’á ḃriġ sin, ċóṁ fada agus fágṫar an ġeallaṁain ċum dul isteaċ ’n‐a ṡuaiṁneas, a ṁeas gur ṫeip ar aon duine agaiḃ breiṫ uirṫi. 2Óir do craoḃscaoileaḋ an soiscéal dúinne, mar craoḃscaoileaḋ é ḋóiḃ‐sean: aċt níorḃ aon tairḃe ḋóiḃ an briaṫar do ċualadar, toisc naċ raiḃ creideaṁ ’n‐a ḃun ag na daoiniḃ do ċuala é. 3Óir sinne do ċreid téiġmíd isteaċ san tsuaiṁneas sin: fá mar duḃairt sé,
Mar ṁionnuiġeas im’ ḋíḃeirg,
Ní raċaiḋ siad isteaċ im’ ṡuaiṁneas:
bíoḋ go raiḃ na h‐oibreaċa críoċnuiġṫe ó ṫosaċ an doṁain. 4Óir do laḃair sé fá’n seaċtṁaḋ lá i n‐áit éigin ar an gcuma so, Agus do rinne Dia suaiṁneas ó n‐a oibreaċaiḃ uile an seaċtṁaḋ lá; 5agus annso arís,
Ní raċaiḋ siad isteaċ im ṡuaiṁneas.
6Uime sin ó tá sé i ndán do ḋaoiniḃ áiriṫe dul isteaċ ann, agus gur ṫeip ar na daoiniḃ gur craoḃscaoileaḋ an soiscéal dóiḃ roiṁe sin dul isteaċ ann mar ġeall ar easuṁlaċt, 7ainmniġeann sé lá eile arís, g‐á ráḋ tré Ḋáiḃí, tar éis aimsire ċóṁ fada sin, Indiu, mar aduḃraḋ ċeana,
Indiu, má ċluineann siḃ a ġuṫ,
Ná cruaḋuiġiḋ ḃur gcroiḋeaċa.
8Óir dá mbéaḋ suaiṁneas tugṫa ag Iósua dóiḃ, ní luaḋfaḋ sé lá eile ’n‐a ḋiaiḋ sin. 9Uime sin fágṫar suaiṁneas sabóide ag pobal Dé. 10Óir an té do ċuaiḋ isteaċ ’n‐a ṡuaiṁneas, do scuir sé ó n‐a oibreaċaiḃ, fá mar scuir Dia ó n‐a oibreaċaiḃ‐sean. 11Uime sin déanaimís díċeall ċum dul isteaċ san tsuaiṁneas sin, ar eagla go dtuitfeaḋ aon duine ’n‐a leiṫéid sin d’easuṁlaċt. 12Óir atá briaṫar Dé beo, bríoġṁar, níos géire ’ná aon ċlaiḋeaṁ ḋá ḟaoḃar. Téiġeann sé isteaċ idir an anam agus an spiorad, idir na h‐ailt, agus an smior, agus scrúduiġeann sé smaointe agus meon an ċroiḋe. 13Agus ní ḟuil éinniḋ d’ár cruṫuiġeaḋ naċ ḃfuil soiléir os cóṁair a ṡúl; aċt atá an uile niḋ noċta, lán‐ḟoscailte roiṁ ṡúiliḃ an té go ḃfuil cunntas againn le déanaṁ leis.
14D’á ḃriġ sin, ó tá árd‐ṡagart mór do ċuaiḋ tré na flaiṫeasaiḃ againn, Íosa Mac Dé, congḃuiġmís ár gcreideaṁ go daingean. 15Óir ní ḟuil árd‐ṡagart againne naċ ḃféadann cóṁḟulang le n‐ár laige; aċt is aṁlaiḋ do cuireaḋ airsean ar cuireaḋ de ċaṫuiġṫiḃ ariaṁ orainne, aċt aṁáin gan peacaḋ do ḋéanaṁ. 16D’á ḃriġ sin déanaimís dánaċt ag druidim le riġ‐ċaṫaoir an ġrása, ċum tróċaire agus grása d’ḟáġáil ċum conganta linn i h‐uair an ġáḃaiḋ.
Currently Selected:
Chum na nEabhraidheach 4: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.