Bible App logo
Search Icon

Chum na nEabhraidheach 5

5
1Óir gaċ árd‐ṡagart d’á dtógtar as lár na ndaoine, órduiġtear é ar son na ndaoine san méid ḃaineas le Dia ċum tíoḋlaicṫe agus íoḋbarṫa d’ofráil ar son na bpeacaḋ: 2agus is fear é, gur féidir leis gan ḃeiṫ ro‐ḋian ar na daoiniḃ ṫéiġeas amuḋa tré aineolas, de ċionn naċ ḃfuil sé féin gan a ċion féin de’n laige. 3Ar an aḋḃar sin atá d’ḟiaċaiḃ air íoḋbairt do ḋéanaṁ i n‐éiric na bpeacaḋ, ní h‐é aṁáin ar son an ṗobail, aċt ar a ṡon féin, leis. 4Agus ní ġlacann aon duine an onóir seo ċuige féin, aċt aṁáin nuair ġeiḃeann sé an ġairm ó Ḋia, mar fuair Aáron. 5Ar an gcuma ċéadna níorḃ uaiḋ féin do ġlac Críost an onóir ċuige féin go ndéanfaiḋe sagart de, aċt ó’n té aduḃairt leis,
Is tusa mo Ṁac,
Indiu do ġeineas ṫú:
6mar aduḃairt sé i n‐áit eile, leis,
Is sagart go síorraiḋe ṫú,
Do réir úird Ṁelcisidec.
7Is eisean, i laeṫiḃ a ḟeola, tar éis urnaiġṫe agus aṫċuingṫe d’ofráil, le h‐árd‐ġol agus le deoraiḃ ċum an té go raiḃ ar ċumas dó a ṡaoraḋ ó’n mbás, agus gur h‐éisteaḋ leis as uċt a naoṁ‐eagla, 8is eisean, giḋ gur Ṁac é, d’ḟoġlaim uṁlaċt de ḃárr ar ḟulaing sé: 9agus tar éis dó teaċt i ḃfoirḃṫeaċt, do ḃí sé mar uġdar slánuiġṫe ṡíorraiḋe do na daoiniḃ go léir uṁluiġeas dó; 10d’á ainmniú ag Dia mar árd‐ṡagart do réir úird Ṁelcisidec.
11Tá mórán againn le ráḋ ’n‐a ṫaoḃ‐san, agus is deacair a ṁíniú de ċionn go ḃfuil maill‐eisteaċt oraiḃ. 12Óir nuair ba ċeart daoiḃ fá’n am so ḃeiṫ ’n‐ḃur múinteoiriḃ, is aṁlaiḋ atá gáḃaḋ agaiḃ le duine do ṁúinfeaḋ céad‐riaġlaċa briaṫair Dé ḋaoiḃ; agus atá siḃ i rioċt daoine gur mó atá bainne d’uireasbaiḋ oraiḃ’ ná biaḋ tacaṁail. 13Óir gaċ duine beaṫuiġtear ar ḃainne, atá sé gan taiṫiġe ar ḃriaṫar na fíréantaċta: leanḃ is eaḋ é. 14Aċt is le h‐aġaiḋ daoine fásta atá an biaḋ tacaṁail, le h‐aġaiḋ na ndaoine a mbíonn sé de ċleaċtaḋ ag a gcéadfaiḋiḃ corparḋa an ṁaiṫ d’aiṫint ṫar an olc.

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in