1
Chum na nEabhraidheach 4:12
Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)
JOYNTG
Óir atá briaṫar Dé beo, bríoġṁar, níos géire ’ná aon ċlaiḋeaṁ ḋá ḟaoḃar. Téiġeann sé isteaċ idir an anam agus an spiorad, idir na h‐ailt, agus an smior, agus scrúduiġeann sé smaointe agus meon an ċroiḋe.
Compare
Explore Chum na nEabhraidheach 4:12
2
Chum na nEabhraidheach 4:16
D’á ḃriġ sin déanaimís dánaċt ag druidim le riġ‐ċaṫaoir an ġrása, ċum tróċaire agus grása d’ḟáġáil ċum conganta linn i h‐uair an ġáḃaiḋ.
Explore Chum na nEabhraidheach 4:16
3
Chum na nEabhraidheach 4:15
Óir ní ḟuil árd‐ṡagart againne naċ ḃféadann cóṁḟulang le n‐ár laige; aċt is aṁlaiḋ do cuireaḋ airsean ar cuireaḋ de ċaṫuiġṫiḃ ariaṁ orainne, aċt aṁáin gan peacaḋ do ḋéanaṁ.
Explore Chum na nEabhraidheach 4:15
4
Chum na nEabhraidheach 4:13
Agus ní ḟuil éinniḋ d’ár cruṫuiġeaḋ naċ ḃfuil soiléir os cóṁair a ṡúl; aċt atá an uile niḋ noċta, lán‐ḟoscailte roiṁ ṡúiliḃ an té go ḃfuil cunntas againn le déanaṁ leis.
Explore Chum na nEabhraidheach 4:13
5
Chum na nEabhraidheach 4:14
D’á ḃriġ sin, ó tá árd‐ṡagart mór do ċuaiḋ tré na flaiṫeasaiḃ againn, Íosa Mac Dé, congḃuiġmís ár gcreideaṁ go daingean.
Explore Chum na nEabhraidheach 4:14
6
Chum na nEabhraidheach 4:11
Uime sin déanaimís díċeall ċum dul isteaċ san tsuaiṁneas sin, ar eagla go dtuitfeaḋ aon duine ’n‐a leiṫéid sin d’easuṁlaċt.
Explore Chum na nEabhraidheach 4:11